Wer ist Meister?  | 
|||
 
 | 
Wer ist Meister?  | 
Cé hé an máistir?  | 
 
Mise ar bharr Chnoc Mhaoldomhnaigh 
 | 
Chonaic mé an nath seo i dtosach tríocha éigin bliain ó shin, greanta i gcloch san "Eilvéis Boihéamach" (Českosaské Švýcarsko)
Dánlann na méimeanna
- 
ar lean …
 
Creidim, caḃraiġ le mo ḋíċreideaṁ
Raċtanna, Raḋarcanna ⁊ Ragairne
Bhí bainisteoir tograí Sualannach agam fadó, Peter Oom. Dúirt sé:
Má dhéanann tú píosa oibre nó taighde,
ach ní scríobhann tú síos i gcáipéis é,
agus an cáipéis a chlárú -
Ní dhearna tú an obair.
Stair áitiúil
Na Meáin ṡóisialta
- 
Tá ásc aonair Mastodon agam Allagar na hIdirlíne
 - 
Tá an chuntas a bhí agam ar X, Twitter mar a bhí,
@aonghusohascriosta agam. 
Seandálaíocht idirlín
Macġníoṁarṫa Aonġusa
Fadó, fadó - sna nóchaidí - bhí suíomh, nó mar a thug mé air, líonláithreán agam. Chuaigh mé ar líne go príobháideach. Bhí mé i mBeirlín, agus bhí líne ISDN againn. Thosaigh mé ag tógáil suíomh ar t-online. Nuair a bhog mé abhaile go hÉireann bhí sé ar eircom.net.
Tá sé blianta áfach ó bhí ar mo chumas leasú ar bith a dhéanamh air. Bheartaigh mé é a thabhairt anseo - seo agaibh mar sin
Déantús láimhe go hiomlán a bhí ann - féach ´ seachas á. Is mór idir na haimsiribh. Feabhas millteanach ar uirlisí.
Nod libh go bhfuil fhios agam go maith go bhfuil Gaeilge a chodail amuigh ar an suíomh sin. Bhí an mise sin tríocha bliain ó shin teann as a chuid Gaeilge. Ní raibh mórán cur amach aige ar an nGaeltacht. Bhí sotal na hóige ag baint leis.
Ní thagann ciall roimh aois.
Níl sé i gceist agam na botúin a leasú. Cartlann atá ann anseo, sin uile. Leasóidh mé nascanna más féidir.
Scríobh.ie ⁊ Nascanna.com
 
 | 
Tráth dá raibh bhí an suíomh  Tá cuid den eolas faighte agam ó Chiaráin agus cuid eile ón Wayback Machine Tá súil agam cuid de a chur anseo.  | 
Impressum
Seol teachtaireacht chugam ldt, má fheiceann tú meancóg.
Clónna
Ióṁánna
Mise a ghlac aon ghrianghraf agus a rinne na híomhánna freisin, seachas má deirtear a mhalairt.
© Aonghus Ó hAlmhain 2025  | 
 
 | 

