Le bheith fíreannach, níl mé féin cinnte cad a spreag mé an suíomh seo a chruthú. Tar éis dom bheith in ísle brí ón Nollaig, níl aon oidhre orm anois ach Leonardo da Quirm.
Eitlíonn tinfí seasta tríd an chruinne. A sprioc, amhail is gur cuma leo, ná an intinn ceart san áit cheart nuair atá an uain cheart. Buaileann siad an néarón ceart, cuireann tús le himoibriú slabhra agus ar ball beag tá duine ag caochadh súil faoi soilse teilifíse agus ag iarraidh dhéanamh amach cad as a dtáinig an smaoineamh do arán réamh-ghearrtha an chéaduair.
Bhí Leonardo da Quirm eolach ar tinfí. Ceann dá chéad aireagáin ná caipín oíche talmhaithe, a chaith sé le súil is go n-éireodh na rudaí damantá as bheith ag fágáil a rianta dearg te ar a shamhlaíocht. Is annamh a d’oibrigh sé. Bhí taithí aige ar ar an náire múscailt agus na braillíní bheith breactha le sceitsí d’innill léigir nó chun craiceann a bhaint d’úll.
Men at Arms
Buail an tinfeadh mé an lá faoi dheireadh suíomh idirlíon a chruthú, agus fearann de mo chuid féin a cheannach. Níl mé baileach cinnte cá bhfuair mé amach go raibh stórás agus bonneagar dá leithéid ar fáil saor in aisce san uirlis sa néal a bhainim feidhm as do bainistíocht cumraíochta. Fágann GitLab Pages go bhfuil an bonneagar ann chun suíomh idirlíon a chuir ar fáil gan mórán dua. (Bhí cúpla ortha le rá chun bonneagar a chuir ar mo ríomhaire, ach bhí sin ceart go leor.) Ach bhí céim sa bhreis de dhíth chun go mbeadh ainm fearainn de mo chuid féin agam.
Níl aon fearann ard-leibhéil ann don nGaeilge, go bhfios dom. Is le Gabon ga. Roghnaigh mé suíomh eu a bheith agam. Rud a d’fhág go bhfeadfainn clárlann áit ar bith san Aontas a roghnú. Tá sé de nós agam, nuair nach bhfuil Gaeilge ar fáil, Gearmáinis a roghnú. Mar sin is ó https://netbuild.net/ a cheannaigh mé é. Agus is mé atá buíoch go ndearna. Bhí deacrachtaí tosaigh áirithe leis an teastas SSL, gá an freastalaí ainmneacha fearainn a leasú - rud nach raibh teacht agamsa air. Níor oibrigh córas molta GitLab dom, agus ó tharla nach bhfuil mé as íoc as, nílim i dteideal tacaíocht. Ach fuair mé an tacaíocht ó lucht BrightNet - gasta, cuiditheach, soiléir.
Is amhlaidh gur ar mhaithe le daoine atá ainmneacha fearacht https://aonghus.eu ann. Oibríonn an prótacal idirlíon féin le seolta - ceithre bheart do ipv4
atá fós in úsáid go forleathan. Mar a fheictear thíos, is 35.185.44.232
an seoladh atá ag aonghus.eu
. Ach caithfear riaradh éigin a dhéanamh ar na seoltaí seo. Nuair a chuireann duine éigin aonghus.eu
isteach sa bharra seoltaí, caithfidh an ríomhaire an seoladh a fháil. Agus ansin an slí go dtí an ríomhaire eile a aimsiú.
nslookup aonghus.eu
Server: 127.0.0.53
Address: 127.0.0.53#53
Non-authoritative answer:
Name: aonghus.eu
Address: 35.185.44.232
Léiríonn traceroute
an conair a ghlacann iarratas leathanach a léiriú tríd an líonra. D’eascair an fhadhb sealadach a bhí agam le hainm an suíomh as an bhfíric go mbíonn mar a bheadh eolaire teileafóin ag gach ríomhaire - taisce áitiúil chun nach gá an seoladh a lorg gach uair. Úsáidtear an cóip áitiúil ar feadh tréimhse áirithe nó go nglanann úsáideoir an taisce. Mar sin, agus oiread cóipeanna le hathnuachan, thóg sé beagnach lá do gach ríomhaire san slabhra bheith suas chun dáta. Is ag freastalaí ainmneacha fearainn a bhíonn an t-eolas údarásach.
![]() |
|
Tá https
in úsáid agam freisin - rud a chiallaíonn go mbíonn an t-eolas criptithe idir ríomhaire an léitheora agus an freastalaí. Chun go n-oibreodh sin, tá gá le "teastas" - uimhir fhada go bunúsach. Malartaíonn an dá ríomhaire eolas chun gur féidir an criptiú a dhéanamh. Ach chun go mbeadh an dá ríomhaire in ann muinín a chuir san eolas a babhtáiltear caithfear i dtosach dul i dteagmháil le "údarás teastais". Beidh orm mír eile a scríobh faoi sin (toisc nach ró mhaith a thuigim féin é).
An modh oibre atá agam le leathanaigh an suíomh seo ná iad a scríobh mar asciidoc agus é a iompú go HTML le asciidoctor. Tá gimp nó yed in úsáid agam do léaráidí. Anois is arís bainfidh mé feidhm as uirlisí eile fearacht sed
nó awk
ar an ríomhaire Ubuntu a a bhfuil comhéadan as Gaeilge aige. Táim ag baint feidhm as timpeallacht chomhtháite forbartha darbh ainm pycharm. Aithníonn an IDE seo botúin a dhéanaim, idir botúin litrithe (a bhuí le Gaelspell Kevin Scannell) agus botúin códála. Bogearraí saora agus foinse oscailte iad seo uilig.
Tá clónna de chuid Gaelchló in úsaid agam, sa formaid WOFF2 don mórchuid - rud a chiallaíonn go bhfuil an cló ar fáil ón bhfreastalaí agus do gach léitheoir. Cúisware na clóanna - tá cead tugtha ag Vincent iad a úsáid saor in aisce do na teangacha Ceilteacha.
© Aonghus Ó hAlmhain 2025 |
![]() |