Paidir an tSuaiṁnis
"A Dhia, deonaigh dom an suaimhneas chun glacadh le rudaí nach féidir liom a athrú, misneach chun rudaí a athrú nuair is féidir, agus gaois chun an difríocht a aithint"
Urnaí na Maidine
Tógtha as sean caiticeasma. Litriú an lae inniu liomsa.
In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spiorad Naomh. Áiméan.
Cuirimid sinn féin i bhfianaise Dé. Déanaimid:
Gníoṁ aḋarṫa
Creidim, a Dhia, go bhfuil tú anseo i láthair; go bhfuil tú ag féachaint orm; go bhfuil tú ag éisteacht liom; agus go bhfuil fhios agat mo smaointe uile; adhraím agus onóraím thú, admhaím gur tú mo Chruthaitheoir agus m’Árd-Tiarna; íslím mé féin go hiomlán faoi do smacht.
Gníoṁ Buíoċais
Beirim míle buíochais duit, a Thiarna fá gach tíolacadh agus grásta a thug tú dom, ó tháinig mé ar an tsaoil seo, agus go spéisialta as mé a thabhairt slán ón oíche aréir.
Gníoṁ Grá Dé
Gráim thú, a Thiarna, ó mo chroí go hiomlán, agus ós cionn gach uile ní, de bhrí gur tú an maith is fearr agus is geanúla ar bith.
Gníoṁ Toirḃearṫa
Toirbhrím duit, a Thiarna, mo chorp agus m’anam, mo chroí, m’intinn agus mo thoil, mo smaointe, mo bhriathra agus mo ghníomhartha ar feadh an lae seo chun do ghlóire agus d’onóra.
Smaoinímid anois ar gach siocair peaca a mheasaimid a bheith romhainn inniu agus déanaimid:
Gníoṁ Deá-rúin
Tá rún agam, a Thiarna, le cúnamh do naomh-ghrásta, gan ní ar bith a dhéanamh inniu, le smaoineamh, le briathair, le gníomh nó le faillí, a chuirfeadh fearg ort, agus na peacaí is mó a bhfuil claon agam ina leith a sheachaint. Tá súil agam gach buaireamh agus gach trioblóid a thiocfaidh orm ar feadh an lae seo a iompar go foighneach, mar shásamh i mo pheacaí, agus i gcuimhne ar gach masla agus anró a d’fhulaing mo Shlánaitheoir go ró-fonnmhar ar mo shon-sa; ach de bhrí gur díomhaoin mo rún gan do chúnamh-sa, guím thú tríd logha fola fíor-uasail Íosa Chríost, d’Aonmhac, le himpí na naomh-maighdine, na n-aingeal, mo naomh phátrún Pádraig, agus na huile naomh, grásta a thabhairt dom na deá-rúin seo a chuir i gníomh.
Paidir don aingeal coiṁdeachta
A Aingil ghil Dé,
— traidisúnta - agam ó m'óige
|
![]() Der Geistkämpfer, Ernst Barlach
|
Muire
Memorare
Cuimhnigh,
a Mhaighdean Mhuire róghrámhar,
nár chualathas trácht ar éinne
riamh a chuir é féin
faoi do choimirce
ná a d’iarr cabhair ort
ná a d’impigh d’idirghuí
is gur theip tú air.
Lán de mhuinín asat, dá bhrí sin,
rithimse chugat, a Mhaighdean
na maighdean is a Mháthair.
Is chugatsa a thagaim,
is os do chomhair a sheasaim,
i mo pheacach bocht atuirseach.
Ó a Mháthair an Aonmhic,
ná diúltaigh do m’urnaithe
ach éist leo go trócaireach agus
freagair iad.
Áiméan.
Fáilte an Aingil
![]() Fra Angelico, Fáilte an Aingil
|
Tháinig Aingeal an Tiarna le scéala chun Mhuire Agus ghabh sí gin ón Spiorad Naomh Sé do Bheatha, a Mhuire Féach, mise banóglach an Tiarna Go ndéantar liom de réir do fhocail. Sé do Bheatha, a Mhuire. Ghlac an Briathar colainn dhaonna Agus chónaigh Sé inár measc Sé do Bheatha, a Mhuire. Guigh orainn, a Naoimh Mháthair Dé ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost a fháil. Guímis. Doirt anuas, impímid, a Thiarna, do ghrásta inár gcroíthe ionas, sinne a fuair fios trí scéala an Aingil ar theacht Chríost do mhac i gcolainn dhaonna, go dtiocfaimis trí luaíocht a pháise agus a chroise chun glóire a aiséirí. Trí Chríost ár dTiarna. Áiméan. |
Regina Caeli
Deirtear in ionad Fáilte an Aingil in aimsir na Cásca
R: Déan gairdeas, a Bhanríon na bhflaitheas, Alleluia, F: Óir an Té arbh fhiú thú é a iompar, Alleluia. R: D’aiséirigh sé mar a dúirt, Alleluia, F: Guigh orainn chun Dé, Alleluia. R: Bíodh áthas agus gairdeas ort, a Mhaighdean Mhuire, Alleluia, F: Óir d’éirigh an Tiarna go fíor, Alleluia. Guímis: A Dhia, arbh é do thoil áthas a chur ar an domhan trí aiséirí do Mhic, ár dTiarna Íosa Críost, tabhair dúinn, impímid ort, trí idirghuí na Maighdine Muire, a Mháthair, go bhfaighimid gairdeas na beatha síoraí. Tríd an Chríost céanna, ár dTiarna. Áiméan |
![]() Diego Velazquez, Corónú na Maighdine
|
Paidir Fatima
Deirtear seo tar éis gach rúndiamhair den Paidrín Páirteach:
A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, sábháil sinn ó thinte Ifrinn, treoraigh achan anam ‘na bhflaitheas, go mór mhór iad sin a bhfuil do thrócaire de dhíth orthu.
Íosa
En Ego
Íosa rómhaith, rómhilis, féach mise ar mo ghlúine os do chomhair, ag impí agus ag iarraidh ort le mór-dhíograis m’anama go ndéanfá an creideamh, an dóchas agus an charthanacht a chruthú go beomhar i mo chroí, mar aon le fíor-aithrí faoi mo pheacaí agus rún daingean mo bheatha a leasú; agus mé le dian-ghrá agus le dólás croí ag cuimhneamh agus ag machnamh ar do chúig chréacht, agus an focal úd os comhair mo shúl a labhair Dáithí fáidh fadó thar do cheann-sa a Íosa mhaith: Tholl siad mo lámha agus mo chosa, chomhair siad mo chnámha go léir.
Ag Críost an síol
Ag Críost an síol, ag Críost an fómhar;
i n-iothlainn Dé go dtugtar sinn.
Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc;
i líonta Dé go gcastar sinn.
Ó fhás go h-aois, is ó aois go bás,
do dhá láimh, a Chríost, anall tharainn.
Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás,
i bParthas na ngrást go rabhaimid.
Ag an bpósaḋ a bhí i gCána
Ag an bpósadh a bhí i gCána bhí Rí na nGrást ann i bpearsain,
É fhéin is Muire a Mháthair, is nárbh álainn í an bhainis,
Bhí cuideachta os cionn cláir ann agus fíon orthu in easnamh,
Is an t-uisce a bhí sna hárthaibh, nárbh álainn é a bhlaiseadh.
A Dhia ghil, a Íosa is a Rí ghil na cruinne,
’D’iompair an choróin spíne agus íobairt na croise,
Dhá stolladh is dhá straoilleadh i measc daoine gan chumann,
Na glasa do scaoilis in éadan ár gcoinnibh.
Is róbhreá an stór atá ag Rí na Glóire dúinn i dtaisce,
A chuid fola is feola mar lón dos na peacaigh,
Ná cuiríg’ bhur ndóchas in ór bhuí ná i rachmas
Mar is bréagán mar cheo é seachas glóire na bhflaitheas.[1]
Eile
Paidir Naoṁ Tomás More um shuairceas
A Thiarna, Áiméan. Lag aistriúchán liomsa. De réir a thuairisc féin deir an Pápa Proinsias an urnaí seo go laethúil. |
![]() Tómas More le Hans Óg Holbein
|
'Más Méin leat na Flaiṫis d’ḟáil'
Chuala mé an paidir seo ar "Chartlann Bhóthar na Léinsí", paidir a chuala Bab Feiritéar ag a hathair críonna, a bhíodh á rá gach Aoine den carghas. Táim buíoch de Dháithí de Mórdha a chuir an giota fuaime chugam. Smaoinigh a pheacaigh, ar maidin agus ag luí dhuit
2. Tá Máire le clos anseo go soiléir; ach Muire aici áiteanna eile
3. "scread sí" a chloiseann Dáithí agus mé féin araon, ach seans gur "gread sí" is ceart a bheith ann.
4. Bheinn ag súil le "Íosa" seachas Muire anseo. Luaitear Seacht nDólás le Muire, agus cúig créacht le hÍosa - ná tairní tríd lámha is cosa, agus a thaobh a tolladh - ag an ceannaire céad dall Longinus, dar leis an dtraidisiúin.
|
Paidir Naoṁ Iognáid
![]() |
A Thiarna, múin dom a bheith flaithiúil, tabhairt agus gan an costas a chomhaireamh, troid agus gan aird a thabhairt ar na créachtaí, saothrú agus gan scíth a lorg, saothrú agus gan aon luach saothair a lorg, ach amháin a fhios a bheith agam go ndéanaim do thoil.’ |
Naoṁ Míchéal Ardaingeal
A Mhicheáil naofa, ardaingeal, Áiméan |
![]() Míchéal Ardaingeal le Poulakis Theodoros (1620 - 1692)
|
Cuairt ar Reilig
Beannaím daoibh, a fhíréin Chríost,
atá anseo ag fanacht le haiséirí Chríost.
An Té a d’fhulaing páis ar bhur son,
go dtuga Sé suaimhneas síoraí daoibh.
Áiméan.
Níl mé cinnte níos mó, ach creidim go bhfuair mé an paidir seo ón Athair Brian Ó Fearraigh, SP Ghaoth Dobhair
Naoṁ Gobnait
le Domhnall Mac Síthigh [5]
A Ghobnait Naofa, impím ort
Ar an láthair bheannaithe seo
Mé a threorú ar chosán
Achrannach an tsaoil seo
Go ndéanfainn toil ár dTiarna
Chun go seolfaí saor mé
Le d’intinn dhiagachta i m’aigne
I mbáidín mór na maitheasa
Thar gach tonn duaircis
Go sroichfimis uiscí suaimhnis
I lagtrá ár mbeathasa.
Is aoibhinn aerach stuaic na Cille,
Ardán uaibhreach ag féachaint ó dheas
Ar thailte féarmhara Dhún Chaoin,
Ag sú na sáile aniar de shíor
Ó chiumhais na haille go híor na spéire.
Gach Críostaí ag guí go híseal
Ag lorg treorach i dtreo an tsolais
A shlánóidh sinn chun na bhFlaitheas.
Naoṁ Pádraig
Guímis Naoṁ Pádraig
‘A Phádraig, a Naomh-Aspail na hÉireann, bhítheá do ghnáth ag tabhairt buíochais do Dhia de chionn go bhfuair tú uaidh, mar thoradh ar do chruashaothar, ár sinsir a iompó chun an fhíorchreidimh. Faigh dúinne, freisin, ár gcroíthe a bheith i gcónaí lán de bhuíochas i dtaobh an chreidimh a theacht anuas chugainn gan máchail. Faigh fós, dúinn féin agus dár sliocht go bráth, Críost ár dTiarna a bheith i gcónaí ionainn agus os ár gcionn agus inár dtimpeall. Faigh dár dtír bheith ina finné dílis go bráth ar an mbaisteadh a thug tú chuici. Faigh do theaghlaigh na hÉireann raidhse de ghairmeacha diaga chun fírinne agus carthanacht Chríost a leathadh amuigh agus i mbaile. Agus faigh do gach duine againn cuid éigin de na suáilcí móra a bhí agat féin: uirísle croí, spiorad na hurnaithe agus an ghéarsmachtaithe, grá dochloíte ar Dhia, agus díograis aspalda. Amen.’
(Aibhleoga Crábhaidh, an tAthair Donnchadha Ó Floinn)
Luíreaċ Ṗadraig
Críost liom,
Críost romham,
Críost i mo dhiaidh,
Críost istigh ionam,
Críost fúm,
Críost os mo chionn,
Críost ar mo lámh dheas,
Críost ar mo lámh chlé,
Críost i mo luí dom,
Críost i mo shuí dom,
Críost i mo sheasamh dom,
Críost i gcroí gach duine atá ag cuimhneamh orm,
Críost i mbéal gach duine a labhraíonn liom,
Críost i ngach súil a fhéachann orm,
Críost i ngach cluas a éisteann liom.
ar lean
© Aonghus Ó hAlmhain 2025 |
![]() |