Réamhrá

D’iarr Caoimhín ó Craobh Bhaile an Chinnéidigh de Chonradh na Gaeilge orm siúlóid staire a threorú do Sheachtain na Gaeilge. Bhí cúpla rud ar eolas agam ach thosaigh mé ar taighde a dhéanamh. Ba ghairid go bhfuair mé amach go raibh an t-uafás ábhair ann. Caolseans go mbeidh mé in ann níos mó ná creatlach an scéil a thabhairt le linn na siúlóide. Mar sin, de réir mar a théann an taighde ar aghaidh - rud a leanfaidh i ndiaidh na siúlóide - beidh forbairt ag teacht ar an leathanach seo.
Fuair mé go leor, leor eolais ó dhaoine áitiúla atá ag plé leis an stair áitiúil le fada. (Féach Nóta Buíochais)
Ní hionann stair agus an t-am atá caite.
Cuimsíonn an t-am atá caite gach ar tharla go nuige seo.
Stair ná na scéalta a roghnaímid insint dúinn féin faoin am caite sin.
Fierce Appetites
Is minic stair ina bholscaireacht. Tá sé sin fíor go háirithe nuair is lucht concas atá ag scríobh na staire - is gá dóibh a n-ainghníomharta a chosaint.
Auferre trucidare rapere falsis nominibus imperium, atque ubi solitudinem faciunt, pacem appellant.
Tugann siad an t-ainm bréagach impireacht ar ghoid, creachadh agus ár, agus nuair a chruthaíonn siad fásach tugann siad síocháin air.
Dar leis an staraí Colin Veach gurbh as Ovid agus Sallust na Róimhe a fuair Giraldus Cambrensis roinnt den na sonraí faoi "bharbarthacht" na nGael in stair siúd den gconcas
Spreag na hinsintí seo Céitinn i mbun pinn agus scríobh sé an Foras Feasa agus san Díonbhrollach rinne sé cáineadh géar ar a leithéid de "stair":
Bíodh a fhianaise sin ar an teist a thugann Cambrens, Spenser, Stanihurst, Hanmer, Camden, Barclaí, Morison, Davis, Campion, agus gach Nua-Ghall eile dá scríobhann uirthi ó shin amach, ionas gurb é nós, beagnach, an phriompalláin a dhéanann siad, ag scríobh ar Éireannaigh. Is ea, iomorra, is nós don phriompallán, an tan a thógann a cheann sa samhradh, bheith ar foluain ag imeacht, agus gan cromadh ar mhionscoth dá mbíonn sa machaire, nó ar bhláth dá mbíonn i luibhghort, dá mba rós nó lile uile iad, ach a bheith ar fuaidreamh go dteagmhaíonn bualtrach bó nó otrach capaill leis, go dtéann á únfairt féin iontu.
Foras Feasa
Conas is féidir sinn a shlánú [ó náisiúnachas diúltach foréigneach]? Is dóigh liom gur tríd tírghrá an bhealach ceart. Sa áit a éilíonn náisiúnachas aithint agus tóir sochar náisiún an duine féin amháin, gan beann ar chearta daoine eile, is éard é tírghrá grá do náisiún an duine féin a bhronnann na cearta céanna ar gach náisiún eile atá á éileamh don náisiúin féin.
Cuimhne agus Féiniúlacht
Soe that the speach being Irish, the hart must needes be Irishe; for out of the aboundance of the hart, the tonge speaketh. [1]
A view of the present State of Ireland
Ní staraí mé. Ach is Gael mé, agus is dual don Gael suim a chuir i ndinnseanchas agus stair. Léamh Gaeil, agus fáinleoige - sa mhéid nach as an mbaile dom - atá anseo. Léamh sealadach, bunaithe ar roinnt beag taighde a chuirfear leis agus a chuirfear snas air amach anseo, tá súil agam.
Fearann teorainn is ea barúntacht an Chaisleáin Nua. Tá iarsmaí móta agus bábhún Normannach ar thailte Teach Bhaile an Chinnéidigh. Thógadh Caisleán Nua Mhic Fhionnagáin[2] nuair a tháinig Rí John, i. Jean san Terre(Seán gan talamh) go hÉireann (féach blag Vincent Morley).
Ri Saxan do thaidhecht i n-Erinn co longais diairmidhe, idon, secht cét long.
(Rí Shasana ag teacht go hÉirinn le loingeas dí-áirmhithe, eadhon, seacht gcéad long.)
1210
Ní raibh an caisleán i gcónaí slán, agus loisc na Gaeil - Brianaigh agus Tuathalaigh - roinnt uaireanta é. Ní déaradh contae - faoi riarachán Sasanach - de Cill Mhantáin go dtí 1606. An contae deiridh a cruthaíodh in Éirinn.
Bunú Bhaile an Chinnéidigh
Tá plé ar seilbh na tailte anseo thíos.
Is é Robert Kennedy (c. 1584-1668) a bunaigh Baile an Chinnéidigh. Idir 1626 agus 1640, chnuasaigh sé 7,500 acra i mbarúntacht an Chaisleáin Nua. Ba dlíodóir é, agus ioncam suntasach ó bhreabanna aige toisc é bheith bainteach leis na cúirteanna talún. Thugadh sé morgáistí do Gaeil a raibh talamh acu, fios maith acu nach mbeadh ar a gcumas aisíoc. Bhí na Gaeil á dhíshealbhú go rábach an uair úd. Ba Gael é an Cinnéideach - ach chuaigh sé leis an Eaglais Bunaigh agus rinne dul chun cinn i gcúrsaí dlí i mBaile Átha Cliath. D’iompaigh an duine deireadh dá sliocht ar ais agus chuaigh san Ord Benedicteach. Fuair dream eile sealbh ar an dtalamh. Féach leabhar Therese Hicks
Díoladh an eastát le Gen. Robert Cunningham i 1759. Tógadh Teach Mount Kennedy ó 1769 agus 1779. Tá cáil ar an obair stucco ann. Phós a neacht in 1801 an Ciarraíoch George Gun. I 1826 d’athraigh sé a shloinne go Gun Cunningham. Bhí sealbh ag a shliocht ar an eastát go dtí 1928, nuair a dhíol siad é. Féach Oidhreacht Chill Mhantáin. (Aire! doc Word).
Tá baill áirithe den teaghlach luaite i gcuimhneachán an Chéad Chogadh Domhanda in Eaglais Naomh Maitiú.
1: Ostán Radharc na Páirce
Sular tógadh an óstán - roinnt blianta tar éis dom bogadh anseo i 2003 - bhí gort ar an ionad seo, siopa búistéara agus an sruthán ag caismirneach tríd an pháirc. Bhí droichead ann freisin. Fágadh balla amháin den droichead mar a bhí, agus tá cloch tiomnaithe ann le hinscríbhinn atá an-deacair a léamh.
2: Séipéal San Seosamh
Tógadh an séipéal seo, atá in úsáid reatha, sa bhliain 1865 i stíl na hAthbheochana Ghotaí. Tá sé tiomnaithe do San Seosamh, agus tá fuinneog gloine os cionn na haltóra a léiríonn Naomh Pádraig, Naomh Seosamh, Íosa, Muire agus Naomh Brighid. Tá an ráille altóir caomhnaithe cé go bhfuil an altóir féin anois simplí agus lom.
Tháinig an séipéal in áit Séipéal Caitríona i gCill Mhuire, a tógadh i ndiaidh 1798 nuair a dódh an séipéal a bhí ann roimhe. Tá an séipéal sin ina fhothrach ó shin.
Is dóigh liom go bhfuil iarsmaí séipéil níos sine fós i gCill Mhuire ach gan fágtha ach na clocha. Tá roinn séipéil ó na meánaoiseanna timpeall an cheantair - Cill Achadh Draighneáin ag deireadh an bhaile, mar shampla. Tá tagairtí scríofa don séipéal ón 12ú Aois agus is dócha go raibh sé ann níos faide. Bhain sé le deoise Átha Cliath an uair úd. Bhain Cill Mhic ó mBirn - píosa beag ó thuaidh - le Deoise Ghleann dá Locha, áfach.
3: Robert Monteith, 1916
Throid le hAirm na Breataine i gCogadh na mBórach, bhain rang Bombardier amach. Ina Chaptaen sna hÓglaigh. Chuaigh go SAM. Chuidigh le Mac Easmainn in earcú an Bhriogáid Éireannaigh ach ní raibh céim sách ard aige le bheith i gceannas dar leis na Prúisigh. (Féach Captaen Köpenick. Chuir na Prúisigh stór i gcéim seachas i gcumas, ach bhí amhras ar Monteith féin faoina chumas! ) Tháinig i dtír ar Thrá Bhanna le Mac Easmainn, ach d’éirigh leis éalú ar ais go SAM. Tá breis eolais faoi ar shuíomh a dhéanann cuir síos ar stair na Briogáide. |
![]() |
4: Teach na Cúirte
![]() |
Is anseo a bhí teach na Cúirte agus ar an bhfaiche roimhe a bhíodh margadh. Is anseo a tugadh Micheál Ó Neill tar éis a ghabhadh. De réir an bhéaloideas dalladh é roimh é a chrochadh. Ach phioc sé suad meáchan agus mharaigh beirt de na Yeos. |
![]() Athchruthú ar chath BanC, 2023-05-28
|
![]() Teach na Cúirte sna 1930í. Íomhá ó Oidhreacht Chill Mhantáin
|
Cath Bhaile an Chinnéidigh 30ú Bealtaine 1798
Ag deireadh lae an chatha scríobh ceannaire na dílseoirí Joseph Hardy tuairisc an eachtra chuid an Ginearál Loftus:

Wicklow 30th May 1798 11 o’clock p.m.
Sir.
This morn at 2 o’clock a body of rebels from 500 to 1,000 taking advantage of the darkness of the morn, came down from their woods and rocks on Mount Kennedy, and having killed a Wicklow Yeoman express coming to me, forced into the town and set fire to the cavalry stables, the horses being removed that day to co-operate with me towards (illegible) no mischief was done but the burning of a few houses. The troops in the town consisting of the Antient Britons, Mt. Kennedy Yeomen Cavalry and Antrim formed as fast as possible and before the rebels had possession of the market place, charged them with great impetuosity, in this onset I am sorry to relate Cap’t Burganey of the Ancient Britons was killed & Cap’t Gore severely wounded, & 3 horses killed. The troops with their accustome’d valour forced them back, routed them out of the town where they killed near 30 & pursued them great part of the day. Killing nearly as many more - above 300 Pikes were destroyed after the action was over left behind them in their flight.
Receiving good information that the Rebels had retired after their intended depredations in the neighbourhood of Roundwood etc. to the Devils Glyn & Dunran, I applied to Col Scott of the Dumbartonshire Fencibles who heartily co operated with me, calling out his whole force. The Wicklow cavalry, Infantry & Antrim having nearly surrounded the Glyn all night, when we forced out several who fell victims & others we found wounded in former actions - We afterwards drew Dunran where likewise a few suffered & several pikes were found in the woods. In the whole of this night & days work Lord Kingsbro' (who volunteered this duty) Col. Scot & I concluded that there was not less than 60 Rebels killed. The troops all returned here tonight & are in high spirits.
I cannot too highly applaud the exertions of the yeomanry of this County, particularly the Wicklow Cav’y who after being 20 hours on horseback ascended the top of Dunran Mountain near sunset; and were above 24 hours in their saddles. The conduct of the whole of the Military is meritorious in the extreme, and must ensure immediate success.
In Capt Burganey I have lost the aid of a most excellent Officer and a humane Gentleman.
I have the Honour to be Your most obed’nt serv’nt
Joseph Hardy
Major
Bhí Éirí Amach 1798 fuilteach foréigneach i Cill Mhantáin agus Loch Garman agus bhí droch-chlú roimhe agus ina dhiaidh ar Mhílíste Chill Mhantáin as loisceadh, céasadh agus dúnmharú. Duine amháin go háirithe Hepenstall, a raibh an leasainm _An Chroch daonna air. Fear ard ab ea ea, agus bhí sé de nós aige lúb a chuir thar muineál duine agus é a iompar thart chun leath-mharú - nó marú iomlán - a thabhairt air. Dódh a theach sa Chaisléan Nua i 1798.
5: Micheál Ó Néill, 1798
![]() Uaigh Mhichíl Uí Néill i gCill Achadh Draighneán
|
Ceannaire i 1798, ón gCaisleán Nua. Curtha i gCill Achaidh Draighneán. De réir an bhéaloidis, cuireann leac a uaigh fola má scríobtar é - ní dhearna mé sin a phromhadh. Tógadh an leac cuimhneachán go luath sa chéad seo chaite spreagtha ag fear dárbh ainm Haslam. Tá cuntas faoi i mBailiúchán na Scoil, on scoil sa chlochar. Inscríbhinn an leaca, ó Dominic Byrne
3. Níl an dara digit den aois soiléir. Má bhí sé 17 i Bealtaine 1798, 75 nó 76 a bheadh ceart
|
![]() Leac cuimhneacháin
|
![]() Uaigh i gcomhthéacs
|
I ndíl cuimhne |
6: Teach le céimeanna síos chuige
Léiriú ar leibhéal na talún sular tógadh droichead agus bóthar.
![]() |
![]() |
7: Balla Tigh an Choirnéil

Cloch nádúrtha agus moirtéil aoil - rinneadh athnuachan air le déanaí. Tá an teach ann le dhá chéad bliain ar a laghad, feidhmeanna éagsúla aige. Le mo chuimhne is cleachtas dochtúra atá chun tosaigh. Tá cónaí ar an dochtúir, atá ar scoir ó aimsir covid, lena theaghlach sa chuid cúil den tigh. Tá triúr dochtúir tagtha ina áit!
8: An cloch mhíle
![]() |
![]() Pictúir a fuair mé ó Peter Mac Cormick ag léiriú an scríbhinn ar an gcloch mhíle agus marc an suirbhéireacht ordanáis ar a bharr.
|
Ann ón 18ú Aois. 17 míle Éireannach ó Caisleán Átha Cliath. Bhíodh sé ar an dtaobh eile den gcrosbhóthar (nárbh crosbhóthar é go dtí le déanaí!).
9: Foirgneamh Fishers
Thart ar 1840 tógadh teach scoile ceann tuí do 120 dalta, agus árasán don máistir agus máistreás ar thalamh a bhronn Robert Gun Cunningham, úinéir Mount Kennedy. In 1849 bhí 90 dalta ar rolla na scoile. Scoil Mountkennedy a tugadh air, agus is chun oideachas a chur ar Phrotastúnaigh a bhí sé. Le cead na gobharnóirí - macasamhail an Bord Bainistíochta anois - d’fhéadfadh Caitlicigh Rómhánacha freastail.
In 1860 Mr Harris a bhí mar mháistir agus tuarastal £16 s a bhliain aige. Bhí costas £8 in aghaidh na bliana ar earraí scoile fearacht pinn, dúch, páipéar agus sclátaí don scoil iomlán. Scríobhadh na daltaí le cailc ar sclátaí chun scríobh, suimeanna agus araile a chleachtadh. Bhí sé furasta botún a cheartú, agus athúsáid a bhaint as an scláta seachas páipéar agus dúch daor a úsáid. Tine oscailte gual a théigh an scoil.
Ghlac na daltaí páirt i Bailiúchán na Scol in 1938, ach i 1940 dúnadh an scoil agus cuireadh le chéile scoil an Chaisleáin Nua, ceal leordhóthain daltaí.
Ba áit cónaithe úinéir Hughes Premier Dairy, an déirí is mó i mBaile Átha Cliath é ina dhiaidh sin. Ar ball, ba dánlann é. Anois tá sraith siopaí ann - an ceann is mó na Fisher’s - siopa éadaí galánta. Diaidh ar ndiaidh tá an réimse earraí ann ag leathnú, agus tá proinnteach ann. (Bíonn tarraingt ag lucht rothaíochta air ag an deireadh seachtaine!)
10: Oifig an Phoist
Is baile poist Baile an Chinnéidigh le breis is 200 bliain. Bhí an oifig in ionad éagsúla timpeall an sráidbhaile. In 1838 bhí sé a bheag nó a mhór san ionad ina bhfuil sé anois. In 1842 bhí sé ag foirgneamh Carisbrook. Idir thart ar 1890 agus 1910 bhí sé san ionad ina bhfuil siopa bia Eugene faoi láthair. I ndiaidh 1910 bhí sé i Mulberry House (siopa galánta trí stór) ar an príomhshráid agus ansin ag bun Cnoc na hEaglaise sular fhill sé ar an ionad reatha - thart ar caoga bliain ó shin, agus muintir Nolan ina bhun ó shin. Mrs Nevins a bhí mar máistreás poist nuair a bhí sé gar don an sean bheairic RIC.

11: An choill
Le linn Covid agus ó shin bhí an coill measctha seo an-tábhachtach do mo mheabhairshláinte. Téim ag siúil ann beagnach gach lá. Ta fianna, sionnaigh agus an dúrud iora glas feicthe agam ann. Bíonn na hionraí glasa an-ghlórach ag tréimhsí áirithe den bhliain! Is minic mé ag siúil ann go moch ar maidin, agus bíonn an coill lán de cheiliúr na n-éan. Tá scréachóg choille (Garrulus glandarius), clamhán (Buteo buteo) agus cúr rua (Milvus milvus) feicthe agam. Tá snag darach/cnagaire (Dendrocopos major) cloiste agam níos minice ná mar atá sé feicthe agam. Agus líon mór spideog, dreoilín, smólach, meantáin agus araile. San Earrach bíonn an coill faoi bhrat bláthanna, ceann i ndiaidh a chéile. I mí Bealtaine bíonn an creamh faoi bhláth. Murach an líon madraí a bhíonn sa choill, bheadh fómhair blasta le baint!
![]() |
ma ro metha[d] crimés . . . .i. antan ticc in crimh .i. féis do berur a naimsir in creamha don flaith .i. maothla ┐ loim,
— Breith i gcnuasach Sheán Uí Dhonnabháin de dlíthe Fénechais
Más amhlaidh a theip ar an gcéile (i. Duine atá spléach ar thiarna)an chrimḟeis a thabhairt … .i. an uair a thagann an creamh .i. féasta a bheirtear/thugtar in aimsir an chreamha don fhlaith .i. cáis/bánbhia agus deoch/bainne. [gearrtar fíneáil air][4]
— Aistrithe go nua-Ghaeilge ag Dennis King
|
An Bhile Dharach (Mighty Oak)
![]() |
![]() |
Luaite in iarratas ar chosaint crainn. Tá an crann ann ó na 1700í, gar don sruthán agus ina luascadán ag na glúinte - mo chlann féin ina measc.
Móta agus Bábhún
Tá iarsmaí Móta agus Bábhún in aice leis an dTeach Duar i Diméin Bhaile an Chinnéidigh - le feiceáil ón gcoill. Cnoc shaorga agus túr adhmaid nó cloiche air a thóg na Normannaigh go minic in Éirinn, Sasana agus sa Fhrainc. Ag áth go minic - is tríd an choill seo a chuaigh an seanbhóthar go Loch gCarman sular bogadh soir é chun príobháideachas a thabhairt don teach mór - agus soir arís nuair atógadh débhealach an N11. (Is cuimhin liomsa gurbh é Baile an Chinnéidigh ceann de na bailte a thóg faid gach n-fhaid dul tríd agus muid ag dul ó dheas ar saoire sna 1980í!)
12: Eaglais San Maitiú (Eaglais na hÉireann)
Bunaithe mar séipéal cúnta don Caisleán Nua in 1835. Paróiste ann féin ó lár an 19ú céad. Tá leaca cuimhneacháin do dhaoine a cailleadh san chéad cogadh Dhomhanda ann. Cailleadh 77 duine as Baile an Chinnéidigh sa chogadh - líon mór d’áit bheag.
![]() |
![]() |
13: Beairic an Chonstáblacht Ríoga
![]() |
Ba é an RIC (Constáblacht Ríoga na hÉireann) an fórsa póilíneachta in Éirinn idir 1836 go dtí gur díscaoileadh i 1922 é agus gur tháinig An Garda Síochána ina áit. Ní raibh dainséar ag baint le póilíneacht in Éirinn roimh Cogadh na Saoirse 1919 – 1922, mar sin thóg an Chonstáblacht tithe ar cíos ón Tiarna talún áitiúil seachas foirgneamh daingean a thógáil. Is stáisiúin Constáblachta seachas beairic a thabharfaí anois ar an bhfoirgneamh. Bhí sáirsint agus triúr nó ceathrar constábla lonnaithe sa bheairic. Bhí dhá chuid ann; an stáisiúin féin agus árasán cónaithe an Sáirsint agus a theaghlach. Mhair constáblaí neamhphósta sa bheairic agus bhí tithe ar cíos sa sráidbhaile ag fir pósta. Bhí seomra lae sa bheairic ina mbeadh an constábla ar dualgas, mar a bheadh i stáisiúin Gardaí anois. Bhí cistin mhór ag na constáblaí chun béilí a réiteach agus scíth a ligean. Bhí cillín bheag ann ina bhféadfaí mion-choirpeach a choinneáil thar oíche dá mba ghá. Léiríonn léarscáil an Suirbhéireacht Ordanáis go raibh an stáisiúin in áiteanna eile sa sráidbhaile roimh an ionad seo. |
![]() Pictúir le caoinchead Peter McCormick
|
14: Cloch Teorainn
Cloch teorainn Diméin Bhaile an Chinnéidigh |
![]() |
Feisteas
Ghléas mé don ócáid!
![]() |
|
Baile an Chinnéidigh nó Baile Ó gCearnaigh?
Réamhfhocal
Bhí an dá ainm Baile Ó gCearnaigh agus Baile an Chinnéidigh tugtha faoi ndeara agam i bhfad ó shin. Tá fógra ar an seanscoil náisiúnta agus is Baile Uí gCearnaigh a úsáideann CLG.
![]() |
![]() |
Chuir mé an cheist faoi bhráid an Bhrainse Logainmneacha tríd logainm.ie agus fuair mé an fhreagra chuimsitheach thíos.
Litir Chonchubhair
A Aonghuis, a chara,
Is é Baile an Chinnéidigh an leagan Gaeilge oifigiúil agus dleathach de Newtown Mount Kennedy (par. An Caisleán Nua Uachtarach).
Socraíodh an leagan Gaeilge sin mar fhoirm oifigiúil agus dhleathach Ghaeilge an logainm Newtown Mount Kennedy sa bhliain 1975 nuair a rinneadh an chéad ordú logainmneacha, agus dearbhaíodh é mar leagan Gaeilge den logainm sin faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla sa bhliain 2005. Mar sin, tá Baile an Chinnéidigh ann mar fhoirm oifigiúil agus dhleathach de Newtown Mount Kennedy le 50 bliain anuas anois.
I dtaca leis an dóigh a shocraigh an Coimisiún Logainmneacha ar an fhoirm sin, Baile an Chinnéidigh, is léir ón fhianaise ar na híomhánna don logainm seo (féach logainm.ie #1413975; féach freisin #55644) gur rinneadh diantaighde faoi sna caogadaí agus sna seascadaí. Agus an taighde seo fós ar siúl foilsíodh liosta sealadach de leaganacha Gaeilge d’ainmneacha na mbailte poist i gCúige Laighean in 1964 (Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist) d’fhonn tuairimí an phobail a fháil. Sa réamhrá scríobhtar ‘Táthar ag súil go spreagfaidh an liosta seo freisin daoine eolacha i measc an phobail le go mbeidh a gcabhair le fáil go fonnmhar ag an gCoimisiún ina gcuid oibre’ (lch. 3). Mar sin, is léir go raibh an Coimisiún Logainmneacha ag lorg tuairimí áitiúla ag an am. Go bhfios domsa ní bhfuarthas aighneacht ar bith ó mhuintir na háite, agus dá bharr is é Baile an Chinnéidigh atá le fáil mar leagan Gaeilge de Newtown Mount Kennedy in Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist (1969), an leabhrán ar a bhfuil an chéad ordú logainmneacha (1975) bunaithe.
Ar ndóigh, bhí an Coimisiún Logainmneacha ar an eolas go raibh Baile Ó gCearnaigh molta mar leagan Gaeilge de ‘Newtownmountkennedy’ sa leabhar Post-Sheanchas a ullmhaíodh ag Seosamh Laoide (Joseph Lloyd) agus a foilsíodh ag Conradh na Gaeilge i 1905 mar chuid de fheachtas chun brú a chur ar an Royal Mail chun glacadh le seolta as Gaeilge.

Bhí an leagan Gaeilge céanna ann sa dara heagrán a foilsíodh i 1911, agus bhí Baile Ó gCearnaigh ag Risteard Ó Foghludha in a leabhar Log-ainmneacha (c. 1935). Phléigh Liam Price an logainm seo agus Mount Kennedy Demesne ina leabhar The Place-Names of Co. Wicklow (lgh. 399, 400) [5] agus bhí seisean den tuairim go raibh ‘Ballegarne’ ag tagairt do ‘a part of the present Mount Kennedy Demesne on the north side of the river’, cé go raibh sé ar an eolas go raibh ‘baile Ó gCearnaigh’ molta mar leagan Gaeilge de sa ‘Post Office Guide’.
Ar ndóigh, is léir ó na cártaí fianaise (féach logainm.ie Baile an Chinnéidigh) go raibh taighdeoirí an Bhrainse Logainmneacha agus an Coimisiún féin den tuairim freisin nach raibh leaganacha stairiúil den ainm Ballygarney ag tagairt don ‘Newtown’ .i. Newtown Mount Kennedy, ach do Mount Kennedy Demesne agus máguaird. Ar ndóigh, dearbhaíonn fianaise a bailíodh ó shin gurbh amhlaidh a bhí – féach mar shampla ar a leithéid de ‘the howse of Balligarnie’, tagairt don teach mór a bhí ag an Chinnéideach i 1641. Bhí sé sin suite i Mount Kennedy Demesne, agus ní i Newtown. Mar sin, socraíodh Baile an Chinnéidigh mar leagan Gaeilge de Newtown Mount Kennedy.
Maidir leis an leagan Gaeilge atá molta do Mount Kennedy Demesne, Díméin Bhaile an Chinnéidigh (aistriúchán bunaithe ar an logainm oifigiúil agus dleathach Newtown Mount Kennedy/Baile an Chinnéidigh), moladh an leagan sin toisc nach raibh fianaise dá leithéid de Mount Kennedy Demesne als. Ballygarney, nó nach bhfuil fianaise ann go raibh ‘Ballygarney’ fós ‘beo’ mar ainm tar éis 1700, cé go bhfuil muid cinnte go raibh Baile Ó gCearnaigh ag tagairt do chuid den talamh atá i Mount Kennedy Demesne.
Bíodh mar atá, níl ordú logainmneacha déanta do na bailte fearainn i gContae Chill Mhantáin fós (tá i gcás na mbailte poist agus sráidbhailte; féach Ordú Logainmneacha: lárionaid daonra agus duichí 2005), agus dá bharr beidh deis fós ag an phobal aighneacht a chur chuig an Choiste Logainmneacha faoi logainm ar bith sa dréachtordú sin (Díméin Bhaile an Chinnéidigh ina measc) nuair a fhoilseofar é i gceann roinnt blianta. (Beidh an Coiste ag tabhairt faoi Co. Chill Dara go luath, agus is é Co. Chill Mhantáin a bheas faoina bhráid ina dhiaidh sin.).
Dála an scéil, mar a tharlaíonn sé, luadh Baile Ó gCearnaigh sa tsraith reatha faoi théamaí éagsúla i logainmneacha (féach https://www.logainm.ie/ga/teamai).
Le dea-mhéin, Conchubhar Ó Crualaoich.
Nótaí Breise
-
Ba é ainm a bhí ar an gceantar mórthimpeall ar Dhiméin Bhaile an Chinnéidigh (logainm.ie #55643) i gContae Chill Mhantáin, Baile Ó gCearnaigh “the town(land) of the Uí Chearnaigh”. Sa chás seo is cosúil gur leagan iolra den sloinne Ó Cearnaigh atá sa cháilitheoir: féach go raibh post eaglasta ag John Ykaernay [Seán Ó Cearnaigh] i bparóiste Dhroim Catha sa bhliain 1457 (Calendar of Papal Registers relating to Great Britain and Ireland XI lgh.331–337). Seans go bhfuair Muintir Chearnaigh na tailte seo darbh ainm Baile Ó gCearnaigh de bharr an stádais eaglasta seo an chéad lá.
-
Logainmneacha agus an lucht leighis Baile Uí Choileáin/Ballycullen “the town(land) of Ó Coileáin”
Ar deireadh, briseadh an nasc a bhí acu le Baile Ó gCearnaigh nuair a tháinig Robert Kennedy i dtír ar réimeas na Nua-Ghall chun an gabháltas a bhí ag Fearghal Ó Coiliúin a cheannach i 1626/7 (NLI MS 38,582/1). Fuair an Cinnéideach seo seilbh ar an gcuid eile den talamh anseo, ó Bhrian (nó Bran) Ó Broin (Bran Birne) as Cúirt Phóil, i 1632 (NLI MS 38,638/22). As an Roibeard seo agus a shliocht a athainmníodh Baile an Chinnéidigh agus Diméin Bhaile an Chinnéidigh (see Therese Hicks, No mere Irish: The Kennedys of Mount Kennedy (2022)).
Aguisín: Páirc na Seilbhe, nó Páirc an tSéasúir?
Nuair a bhog mé isteach i 2003, ní raibh ainm Gaeilge ar an eastát ina bhfuil cónaí orm - níl fós. D’aimsigh mé leabhar Liam Price agus rinne mé an seoladh a aistriú mé féin tar éis dul i gcomhairle le roinnt daoine mar Páirc na Seilbhe.
Sin atá in úsáid agam ó shin, agus fós!
Tá an Bhrainse Logainmneacha ar mhalairt tuairime anois (ach tá mise stuacach!):
Tá gach seans ann gur cheadaigh tú an leagan (neamhdeimhnithe) a bhí le feiceáil ar logainm.ie go dtí le déanaí. Bhí sé sin bunaithe ar a tuiscint a bhí ag Liam Price .i. ‘The name probably refers to the obtaining of seizing, that is, possession of some part of the old denomination of Cooladoyle by Robert Kennedy. Season was an old spelling of the word seizin’ (Place-Names of Co. Wicklow, lch.400). Ach nuair a rinneadh taighde ar an logainm seo níor aimsíodh aon fhianaise a bheadh ag tabhairt le fios go mbaineann sé seo le téarma dlí ar chor ar bith. Tabhair faoi deara nach é talamh ó Chúil an Daill amháin atá sa bhaile fearainn seo, ach codanna de roinnt bailte fearainn éagsúla a bhí ina seilbh ag Muintir an Chinnéidigh le tamall sular fianaíodh an logainm Seasonpark .i. ní raibh aon ghá ann don téarma dlí sa chás seo. Ach is suntasach, agus muid ag plé le fearann talamhaíochta i gcás Seasonpark, go raibh an téarma talamhaíochta season ann sa Bhéarla tráth, agus é ag tagairt do ‘ground in condition for sowing’ (English Dialect Dictionary: SEASON, sb. and v. Mid. Ken. Sur. Sus. Hmp. [sī·zən.]). Tuigtear gurb é seo an focal atá idir chamáin sa logainm seo. Tá an focal céanna ann, de réir dealraimh, i Seasons i gCill Dara (logainm.ie # 25641).
Le dea-mhéin, Conchubhar Ó Crualaoich.
Níl aon teora le castachtaí na ceirde seo, taighde ar ainmneacha Gaeilge na mbailte fearainn.
Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill
Nóta Buíochais
Fuair mé eolas ó na daoine seo leanas, a chur i dteagmháil le daoine eile nó foinsí eile mé go minic:
-
Craig Bishop
-
Dominic Byrne
-
Huw O’Toole
-
Paul Kavanagh
-
Peter Mc Cormick
-
Vincent Morley
Tá stair na hÉireann as Gaeilge a scríobh ag Vincent, agus codanna de le léamh ar a bhlag. -
Dr. Conchubhar Ó Crualaoich, an Brainse Logainmneacha
Is deas liom go bhfuil Branaigh, Tuathalaigh ⁊ Caomhánaigh ar mór leo a stair!
Leabharliosta agus foinsí eile
-
No Mere Irish, ISBN: 978-1-913934-76-7, Therese Hicks
Cuir síos ar teacht chun cinn agus teip Mhuintir Cinnéide san 17ú céad -
War, politics and the Irish of Leinster, 1156–1606 Emmett O’Byrne
-
Bailiúchán na Scol
© Aonghus Ó hAlmhain 2025 |
![]() |