Réamhrá
Is ríomhchláraitheoir mé. Ach níl innealtóireacht bogearraí mar an gcéanna le hinnealtóireacht de chineáil eile - ní féidir cobhsaíocht aipe a ríomh chomh soiléir céanna agus is féidir cobhsaíocht droichid. Ar bhealach is ealaín atá san ríomhchlárú - agus tá gaois na gairme bainteach le taithí agus seanchas na ríomhchláraitheoirí a chuaigh romhainn (agus atá fós thart, don gcuid is mó). Tá cuid den ghaois sin cnuasaithe ar na leathanaigh seo agam.
Táim buíoch de David Stifter, a mhúnlaigh an nath thuas bunaithe ar cheist uaimse, a bhí ag lorg leagan cosúil le Trecheng Breth Féne
Cré an Ríomhchláraitheora
Mura bhfuil sé tógtha, ní thiomsóidh sé;
Mura bhfuil sé rite, ní rithfidh sé;
Mura bhfuil sé profa, ní oibreoidh sé;
Murar baineadh feidhm as, níl sé ceart;
Mura bhfuil sé sa chóras leaganacha, ní ann dó;
-
Agus mura clamhsán déanta ag duine éigin faoi, níl sé in úsáid!
— Anathnid - aimsithe ar líne & aistrithe agamsa
Nathanna
Is ríomhchláraitheoir maith an té a fhéachann gach treo ag trasnú bóthar aontreo.
— Doug Linder
Ní féidir le tástáil ach cruthú go bhfuil fabht sa bhogearra, ní nach bhfuil siad ann.
— Edsger W. Dijkstra
Notes on Structured Programming
Notes on Structured Programming
Tá dhá dóigh bogearra a dhearadh:
chomh simplí is gur léir nach bhfuil fabhtanna ann
nó chomh casta is nach léir na fabhtanna ann
— Tony Hoare
Léacht Turing
Léacht Turing
Cuireann breis daoine a chur le togra a bhfuil moill air breis moill air.
— Barry Boehm
Optamú róluath fréamh gach oilc.
— Donald Knuth
Léacht Duais Turing 1974 - Computer Programming as an Art
Léacht Duais Turing 1974 - Computer Programming as an Art
Smachtú castachta eisint ríomhchlárú.[1]
— Brian W. Kernigan
Nuair nach raibh ann d’aon ríomhaire, níorbh fadhb ar bith a bhí san ríomhchlárú. Nuair a bhí na ríomhairí lag, ba fadhb beag a bhí sa ríomhchlárú. Anois agus oll-ríomhairí ann is oll-fhadhb atá sa ríomhchlárú.[2]
— Edsger W. Dijkstra
Botún a bheadh ann ceapadh gur leis an intleacht amháin a bhaineann réiteach fadhbanna; tá ról thábhachtach ag dúthracht agus mothúcháin
— George Polya
sa leabhar "How to Solve It" a leagann amach modheolaíocht le fadhbanna mata a réiteach.
sa leabhar "How to Solve It" a leagann amach modheolaíocht le fadhbanna mata a réiteach.
Múnlaíonn na huirlisí a bhaineann muid feidhm astu muid uilig: go háirithe, múnlaíonn na foirmiúlachais a bhainimid feidhm astú ár nósanna smaointeoireachta, chun leas nó aimhleas, mar sin ní mór dúinn a bheith airdeallach cad a theagascann nó a fhoghlaimímid, mar ní féidir dáiríre dí-fhoghlaim.[3]
— Edsger Wybe Dijkstra
EWD 1305 Answers to questions from students of Software Engineering
EWD 1305 Answers to questions from students of Software Engineering
Eolaíocht ná fios a thuigimid sách maith gur féidir linn é a theagasc do ríomhaire; mura dtuigimid rud go hiomlán is ealaíon atá de dhíth chun plé leis.
— Donald Knuth
Léacht Duais Turing 1974 - Computer Programming as an Art
Léacht Duais Turing 1974 - Computer Programming as an Art
Comhartha easpa aibíochta gairmiúla is ea friotal antrapamorfach a úsáid i leith córais ríomhaireachta
— Edsger W.Dijkstra EWD498 How do we tell truths that might hurt?
Ní sócamas ar féidir déanamh dá éagmais is ea cuannacht matamaiticiúil, ach an ní a chinneann an teip nó bua atá i ndán.
— Edsger W. Dijkstra
Seachas mianach mhatamaiticiúil, an acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir chumasach ná sármháistreacht ar a theanga dhúchais.
— Edsger W.Dijkstra EWD498 How do we tell truths that might hurt?
Simplíocht réamhriachtanas de chuid iontaofacht.
— Edsger W.Dijkstra EWD498 How do we tell truths that might hurt?
ar lean
© Aonghus Ó hAlmhain 2025 |
![]() |