Go hiondúil is ar laethanta oibre a bhíonn comhdhálacha litríochta agus teangeolaíochta agus mar sin ní bhíonn deis agam freastal. Ach de bharr go bhfuil mé fós ag teacht chugam féin ó bhabhta tinnis, ní raibh mé ag obair lá iomlán an tseachtain seo agus bhí deis agam freastal ar cuid den comhdháil ar theangeolaíocht na Gaeilgí san Acadamh Ríoga, faoi choimirce foireann Foclóir stairiúil na Gaeilge.

Dhá chaint a chuala mé.

Thug Eoin Mac Cárthaigh, Coláiste na Tríonóide caint ar an eolas foclóra de bharr meadaracht agus rím a d’fhéadfaí baint as dan ar leith - agus da bhrí sin as danta go ginearálta nuair atá scéim ar leith meadarachta. Conas mar a dhearbhaíonn foirm an dáin go bhfuil an foirm an focail cruinn.

Thug Mairin McKinnon, Coláiste na hOllscoile Corcaigh caint ar Leabhar A Theagasc Ainminnin: no, A Nuadhfhocloir Gaoidheilg & Beurla - foclóir Alasdair mac Mhaighstir Alasdair a chnuasaigh sé ar son A' Chuideachd Urramach a tà Chum Eòlas Crìosdaidh a Sgaoileadh. Ní raibh an Ghaeilge á mhúineadh i scoileanna na cuideachta, agus bhí gá focail Béarla a sholáthar do scoláirí Gaeltachta. (Tá teacht ar leagan digitithe anseo)

Dar le Mairin, léiríonn rogha focail Alasdair a aicme. (Measaim féin gur gá freisin diagacht an linne a chuir san áireamh - feictear dom go bhfuil roinnt na n-ainmhithe, mar shampla, de réir Eaxodus)

foclóir1
an chéad leathanach
foclóir2
ainmhithe (baolacha!)

Ach b’é an phríomhchúis a bhí mé san Acadamh ná chun bheith i láthair ag seoladh an leagan is déanaí de Ogham in 3D.

vv
David Stifter, Má Nuad
dhayden
Deborah Hayden, Má Nuad
katherine vv
Katherine Forsyth, Glaschú ⁊ David Stifter, Má Nuad

Thug baill éagsúla an togra cainteanna spreagúla. Tá Nóra White bainteach leis an iarracht íomhá 3t de clocha agus earraí eile le ogham orthu a dhéanamh le fada. De dheasca fadhbanna víosa, bhí ar Megan Kasten a caint ar an teicneolaíocht 3T a réamh-thaifeadadh. Labhair Patricia O’Connor faoi na teicneolaíochtaí ina déantar ionchódú inléite ag ríomhaire den eolas - XML agus na caighdeáin TEI agus EpiDoc - caighdéan ar leith d’ábhar greanta, a chuireann na dúshláin ar leith a bhaineann leo sin san áireamh - locht ar na clocha, agus araile. Labair sí freisin faoi úsáid Unicode chun an craobh oghaim a léiriú - agus an gá le comharthaí breise seachas mar atá sa chaighdéan do ogham i LSS agus in Albain. Baineadh úsáid as clóanna le Andew West nach maireann. Clóanna a bhfuil tairbhe bainte agam féin astu!.

Labhair Deborah Hayden ar ogham sna LSS ó Leabhar Bhaile an Móta, ina bhfuil In Lebor Ogaim, le samplaí de scríbhneoireacht éagsúla oghaim. Go LSS Minchin; cnuasach orthaí leighis ón 19ú céad.

Labhair Katherine Forsyth go faisnéiseach agus go paiseanta faoin bhfaillí a déanadh i gclocha oghaim in Albain. An talamh slán a déanadh de gurb leis na Cruithnigh a bhain siad - agus nárbh teanga "Ceilteach" ach iarsma níos ársa a labhair siadsan. Tá cuid den éagóir curtha i gceart ag an dtogra OG(H)AM.

I measc na nithe a luaigh David Stifter ina chaint siúd bhí sanas nua don bhfocal foirmleach mucoi. Agus úsáid comhaimseartha ogham.

Tá saibhreas aisteach ar an suíomh nua - agus aistí iontacha ar shuíomh an togra - https://ogham.glasgow.ac.uk/

Bhí mé iontach sásta gur éirigh liom bheith i láthair.

Maidir leis an dteideal, féach FGB


Ar ais go dtí an príomhleathanach
gandeontas