2016 B. L. Wallfahrtsbild
Bernhard Lichtenberg [1]
Was gestern war, wissen wir. Was morgen sein wird, wissen wir nicht. Aber was heute geschehen ist, haben wir erlebt: Draußen brennt der Tempel.[2] Das ist auch ein Gotteshaus.

Tá fhios againn cad a tharla inné. Níl fhios againn cad a tharlódh amárach. Ach tá taithí againn ar [3] cad a tharla inniu: tá an teampall trí thine amuigh ansin. Teach Dé sin freisin.
— Bernhard Lichtenberg Déan Ardeaglais Bheirlín
Aitheasc 9ú Samhain 1938
sionagóg
Sionagóg Thír an Iúir sa lá atá inniu ann

Tógadh mise i Tír an Iúir. Faoi urchar méaróige den Sionagóg ar Bhóthar Rath Fhearnáin. D’fheicinn na Giúdaigh ceartchreidmheacha ag siúl go dtí an seirbhís. Ní dóigh liom go raibh aithne phearsanta agam ar éinne ón bpobal Giúdach - sílim áfach go raibh bean Giúdach ina cara ag an mbean béal dorais ar chaith mé go leor ama léi. Mo chuimhne ná go raibh crainn arda ag fás ós comhair an fhoirgneamh. Ach go mbíodh an geata i gcónaí oscailte. Tá na crainn imithe anois, ach tá na geataí iata - agus geata dúbailte agus bothán do gharda atá ann.

Nuair a bhí cónaí orm i mBeirlín, ní fhaca mé Giúdach ceartchreidmheach ar bith. Níor rith sé liom go raibh cuma an Giúdaigh orm féin - féasóg fiáin, agus é de nós agam uaireanta cóta mór dúghorm agus hata a chaitheamh. Go dtí go raibh mé sa bhaile uair agus gur tugadh an Jewish Chronicle dom san siopa nuachtáin áitiúil Copelands (nach ann dó níos mó.)

Is cuimhin liom gur baineadh siar asam in Auschwitz in 1991 nuair a chonaic mé, i measc na cáipéisí ar taispeáint, áireamh ar líon na nGiúdach in Éirinn. 4000, más buan mo chuimhne. Tá níos lú ná sin anois ann.

Roimh Nostra aetate bhí frith Giúdachas fite fuaite leis an Chaitliceachas. Léamh ró chúng ar an soiscéal.

'D’fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!” [4]'
— Matha 27:25

Agus níorbh aon eisceacht Éireann maidir leis an col agus amhras le Giúdaigh a bhí forleathan san Eoraip agus a réitigh an slí do dhúnmharú tionsclaíoch an Uileloscadh.

Bhí guthanna fáidhiúla a labhair ina choinne i gcónaí. Duine acu Bernhard Beannaithe Lichtenberg. A labhair amach i gcoinne ainghníomhartha na Naitsíoch - i gcoinne Giúdaigh, ach freisin i gcoinne dreamanna eile ar rinneadh géarleanúint orthu. Cuireadh i ngéibheann é as Volksverhetzung (gríosú pobail i gcoinne na n-údarás). Fuair sé drochíde san charcair; agus nuair a bhí an téarma curtha isteach aige, bhíothas lena chuir go Dachau ach de dheasca a easláinte, shíothlaigh sé ar an mbealach.

D’aithin Yad Vashem mar fíréan i measc na pobail é.

Tá an frith-Giúdachas ag borradh arís in Éirinn - agus an frith Síónachas mar dhíchealtair aige. Tugann ainghníomhartha rialtas reatha Iosrael leithscéal do ghníomhartha i gcoinne na nGiúdach. Tá gá le guthanna amhail chinn Lichtenberg chun an daonnacht agus dínit an duine aonair a chosaint.

Beate Bernarde, ora pro nobis!


Ar ais go dtí an príomhleathanach
gandeontas

1. Pictúir oilithreachta (Wallfahrtsbild) de Lichtenberg Małgorzata Drozdowicz, 2016
2. 9 Samhain a tharla an pogram ar a dtugtar Reichskristallnacht de bharr oiread gloine a briseadh i ngnólachtaí arbh le Giúdaigh iad. Agus lasadh an sionagóg i Sráid Oranienburg.
3. erleben - taithí a bheith agat air, go litriúil maireachtáil tríd
4. https://www.bible.com/bible/554/MAT.27.25