Réamhfhocal
Éisteacht a bhí ag an damhsóir a thug go Sitges muid. Bhíomar ann cheana, i 2019, ach bhí an damhsóir gafa le cúrsaí ceoil an uair úd, agus is beag den áit a chonaic muid. (Dualgais feighlí a bhí ormsa). Isteach go Barcelona a d’eitil muid agus amach ar bhus go Sitges - tá aip ann dó sin! |
Fógra don mbaile
|
Sitges
Eaglais Sant Bartomeu i Santa Tecla
|
Bhíomar pas beag luath don árasán, mar sin bhí greim le n-ithe againn i gcaifé áitiúil. Rinneamar beagán siopadóireachta nuair a bhíomar socraithe isteach. Bhain mise feidhm as an aip Too good to go - agus fuair creach ó dhá bhácús - pacáiste goirt agus ceann milis. Bhí neart iontu - ní raibh gá dáiríre leis an dara mála, bhí cúpla mionrud milis sa chéad ceann. Fuaireamar suipéar agus lón an lá dar gcionn as - ceapairí blasta, agus cácaí beaga, agus buillín aráin. Níor bhac muid le dul ag ithe in aon chor. Baile turasóireachta atá i Sitges, cois cósta. Mórchuid de na sráideanna faoi choisithe amháin i lár an bhaile. Cé go bhfuil Sitges luaite le fir aeracha, níl an oiread sin lorg de sin le feiceáil. Corr siopa dírithe orthu go follasach, agus club nó trí. Promanáid cois trá. Trá gainmheach, ach mar a fuair an damhsóir amach an babhta eile, éadomhain go maith. Agus ní bhíonn tuile ar fiú trácht air sa Mheánmhuir. Ní dhearnamar iarracht snámh. |
Áit bríomhar istoíche. Ar an Satharn is i mbialann Seapánach a d’ith muid. Bíonn an damhsóir éisealach faoi bhia tar éis lá damhsa. Sushi is fearr a oireann. Ach ar an Domhnach bhí paella dubh againn - ní díoltar paella le níos lú ná beirt. Agus, bunoscionn le muintir na háite agus formhór na dturasóirí, thart a 19:00 a chaitheamar ár mbéile - i mbialann a bhí beagnach folamh! Rinne muid pas beag siopadóireachta freisin. Tharla go raibh railí carranna seanré sa bhaile freisin. Agus bhí xurros amb xocolata againn.[1] |
Roinnt den mbia a d’itheamar
|
Fem Sitges nett, fem Sitges vert
Is mochóirí mé, mar sin chuaigh mé amach go luath sa tóir ar chupán caife. Tá formhór croí Sitges do choisithe amháin, agus an oíche roimh ré agus mé ag filleadh ar an arasán, bhí na sráideanna plódaithe, an spás os comhair gach tabhairne pulctha le daoine. Sciar acu ag caitheamh …
Ach an maidin dar gcionn bhí na foirne glantachán amuigh, ag glanadh na sráideanna le píobáin ardbhrú uisce. Bhí boscaí bruscair - scartha - ar mórán gach sráid. (Is iontu a chuireamar ar ndramhaíl féin roimh imeachta).
Bhí na manaí Fem Sitges nett (Déanamis Sitges glan) agus Fem Sitges vert (Déanamis Sitges glas) le feiceáil go coitianta. Agus, fiú agus gur baile turasóireachta cois trá atá ann, bhí sé glan agus néata. Toradh oibre na foirne glantachán - ach freisin is lú seans go gcaithfear bruscar san áit nach bhfuil bruscar feiceálach.
Athghabháil na Catalóinise, Athghabháil na Catalóine?
Fógraí
|
Chuaigh mise ar Aifreann tráthnóna Aoine san eaglais cois cósta. Sant Bartomeu i Santa Tecla. As Catalóinis a bhí an tAifreann agus is ar éigin gur thuig mé faic - is dóigh liom go raibh paidreacha ar leith don Carghas á rá. An gnáth phobail a bhíonn ag Aifreann na saolta seo a bhí ann, formhór níos sine ná mé; ach an sagart agus roinnt den bpobal níos óige. Mar sin, bheadh dán an teanga faoi réimeas Franco i gcuimhne ag mórchuid acu. (Loic mé ar an nDomhnach agus chuaigh chuig an t-aon Aifreann Caistílise a bhí á rá) |
Anois, baile turasóireachta is ea Sitges (chuala mé neart Béarla), agus ar aon nós níl mo chluasa sách géar chun aithint an Caistílis nó Catalóinis a bhí á labhairt ag daoine ag dul tharam. Ach ar an Satharn agus mé amuigh ag siúl chuaigh rás tharam. Déarfainn gur trian a dúirt Hola, trian eile Bon dia - agus bhí saothar anála ar an dtrian eile!
Bhí gach fógra oifigiúil agus neart príobháideach as Catalóinis. Nuair a bhí Caistílis san áireamh, b’iondúil Béarla a bheith ann freisin.
Tá tíleanna deasa le hainmneacha na sráideanna ann, agus bhíodar siúd san dá theanga - tíl fá seach do gach ceann.
Ar ndóigh, ní raibh anseo ach sciúird deireadh seachtaine, agus ní sochtheangeolaí ná baol air mé. Ach b’fhacthas dom go raibh an Chatalóinis folláin go leor.
Garraf
Bhí an damhsóir gafa ar feadh an Satharn leis an éisteacht, mar sin thug mise aghaidh ar na cnoic. Theip orm eolas a fháil ón oifig turasóireachta faoi na siúlóidí marcáilte a bhí fhios agam a bheith ann, agus ní raibh siad ar na léarscáil a bhí ar Hiiker.app. Mar sin féin, d’éirigh liom tús ceann acu a aimsiú. Páirc Náisiúnta is ea Garraf, karst aolchloiche. Agus mé ag siúl i dtosach tháinig slua mór reathaithe i mo choinne - bhí an Sitges Rock Race ar siúl. Cosán "comhad amháin [sic]"[2] a bhí ann. Scaoil mé tharam ina ngrúpa agus ina ngrúpa iad. Ach nuair a chas mo chonair ó conair s’acu bhí na cnoic fúm féin. Bhí clocháin clocha tirime le feiceáil anseo is ansiúd, mórán cosúil leis na cinn i Corca Dhuibhne, ach iad níos nuaí, déanaim amach. Siúlóid taitneamhach go dtí gur tháinig mé amach ar bhóithrín. Dusta ar sin, agus bhí scata gluaisrothar agus corr charr a phlúch mé i scamall deannaigh. Seachas sin ba líonrá cosáin cloiche a bhí ann, marcáilte go maith i ndearg agus bán - comthreomhar ar an mbealach ceart, X ar cosáin a d’imigh ón mbealach ceart. Chinn mé ar chasadh ar ais i dtreo Sitges ag an pointe sin, bhí amhras orm an mbainfinn an sprioc a bhí roghnaithe agam amach - baile (agus stáisiún traneach) Garraf. D’éirigh liom lúb dé chineál a dhéanamh - ní maith liom dul ar ais a bealach a tháinig mé. Tá an conair a thaifead mé le Hiiker anseo. |
Fógra & mise
|
Clochán
|
|
Karst
|
Bhain mé an-taitneamh as an siúlóid. Bhí an karst breac le bláthanna, ní raibh na leaca loma chomh feiceálach agus a bhíonn sa Bhoireann.
Cnuasaigh ealaíne
Sular imigh mé in aonchor d’iar mé comhairle ar BlueSky faoi céard ba cheart dom cuairt a thabhairt air. Mhol John Walsh na hiarsmalanna. D’fhágamar ró-dhéanach é ticéad a fháil don Palau Maciel - bhí sé díolta amach. Ach idir na cinn a chonaiceamar, agus taispeántas aonair de Art Naive ba dheacair póit ealaíne a sheachaint!
Rud a thaitin liom faoi ceann de dánlanna (tá cíor thuathail déanta de na hainmneacha i mo chuimhne) ná go raibh earraí laethúla ársa cnuasaithe ann - ealaíon laethúil. Níl a dóthain de sin ann anois, agus gach rud lom feidhmiúil leadránach!
Ar ndóigh bhí mé san Eaglais chun Aifreann a éisteacht, ach is fiú cuairt a thabhairt air ar mhaithe leis an ealaíon freisin. Mionsonraithe! Is cabhair é tuiscint a bheith agat ar na siombail, ar ndóigh, agus na tagairtí don naomhseanchas agus don mBíobla - ach is féidir taitneamh a bhaint astu gan sin. Saibhreas.
Iarfhocal
Ar an ndrochuair, ní bhfuair an damhsóir tairiscint, mar sin ní dócha go mbeidh mé ar ais i Sitges go luath. Ach cúpla lá thar a bheith pléisiúrtha a chaith mé ann. Agus ainneoin an bhrú, bhain an damhsóir sult as freisin, ach a raibh an éisteacht thart.
Mholfainn é. Áit insiúlta. Saibhreas ealaíona, bia agus tírdhreacha. Ní haon iontas gur tharraing sé péintéirí!
Sagrada Familia
Ba tríd Barcelona a bhíomar ag filleadh, agus thapaigh muid an deis cuairt a thabhairt ar Sagrada Familia Gaudi. Bhí aip le híoslódáil chun ticéad a cheannach - cód QR ar fógra lasmuigh den Eaglais. Isteach linn ansin. Deacair cuir síos air. Clúdaithe istigh is amuigh le healaíon mionshonraithe, saibhir le tagairtí bíobalta agus neamhsheanchais. Stop mé ag glacadh grianghraif tar éis tamaill. Ní fhéadfá an saibhreas a cheapadh. Díon ard sa dhóigh is nárbh léir cá raibh sé. Fuinneoga gloine daite - dearg agus oráiste ar thaobh amháin, gorm agus uaine ar an taobh eile - solas dochreidte. D’éirigh leis an damhsóir sin a cheapadh. Cheannaigh mé leabhair chun an t-eolas a thabhairt liom, agus chun cuimhneachán a bheith agam ar an ealaíon. |
|
D’fhéadfá na seachtainí a chaitheamh ann agus fós bheadh rud éigin nua le tabhairt faoi deara. Museum san íoslach ag míniú gach rud, múnlaí oibre san áireamh. Arís, barraíocht eolais do chuairt amháin.
Deis ar cheart tapú!
Ach bhí eitilt le fáil, agus proinn le caitheamh. (Paella arís, i mbialann gar don Eaglais.)
© Aonghus Ó hAlmhain 2026 |
|

