Réaṁrá

Bhí Fionn ag glacadh páirt in Opera de chuid RAM i Mí Bealtaine. Bhí sé beartaithe agam dul. An uair deiridh go raibh mé thall, thug mé faoi ndeara fógra i Euston don Caledonian Sleeper. Bhí fonn orm triail a bhaint as. Ní raibh mé in Alban riamh, de réir mar is cuimhin liom. Sé An Gearasdan tús an líne in Albain. Smaoinigh mé ar dul go dtí an Oileán Sciathánach i dtosach, ach shocraigh mé sa deireadh dul go hÍ. Tá deirfiúr m’athair ina cónaí i nDùn Phàrlain le fada, agus bheartaigh mé cuairt a thabhairt uirthi. Agus mé ag dul i gcomhairle léi, mhol a céile an Sleeper a fháil ó A' Chrìon-Làraich; nach gcuirfinn oiread ama amú ag taisteal idir Í and an traein.

Rinne mé formhór na socruithe taistil leis an aip Trainline - na báid ar Mhuir Éireann san áireamh. Idir sin agus aip CalMac, bhí formhór na socruithe déanta gan stró. Bhí orm ticéad don Enterprise a cheannach ach seachas sin ba leor cárta Leap abhus.

Tá na turais le feiceáil ar an léarscáil thuas.

Saṫarn, 10ú Bealtaine: Ón mBaile go Dùn Ṗàrlain

MuirEireann

Moch ar maidin thóg mé bus 133 isteach sa chathair. 05:30 toisc go raibh mé ag fáil Enterprise 07:50 go Béal Feirste. A bheadh ann ag a 09:58 dá mbeadh rudaí mar ba cheart. Ach bhí moill air, agus an bád ag imeacht ón gcuan. Bhí strus orm, mar thuig mé on teachtaireacht ó trainline go raibh orm mo thicéad a bhailiú ag inneall sa stáisiúin i mBéal Feirste, ach ní raibh sé ag glacadh leis an gcód. Faoi dheireadh dúirt gíománach liom nach raibh an t-eolas sin ceart ach do stáisiúin ar an mórthír ™. Amach liom tríd an chathair gríobhán de claíocha tógála atá fós thart ar stáisiúin nua lárnach Béal Feirste sa tóir ar taxi. Bhain mé an calafort amach díreach in am. Agus mhínigh siad dom go raibh eolas míchruinn ag Trainline. Bhí orm mo thicéad traenach a bhailiú maith go leor - ach in Inbhir Àir. Thug siadsan ticéad don bád dom, agus don bus as Càrn Rìoghain go hInbhir Áir. Bhí an fharraige ina léinseach, agus chaith mé proinn bhlasta ar bhord - meallta feola Sualannach. Fuair mé radharc ar bheanna mhaorga Garbhchríocha na hAlbain agus muid ag druidim leis an gcósta. Bhí bus ag fanacht i gCàrn Rìoghain a chuaigh ar chamchuairt fán cósta go hInbhir Áir. Fuair mé mo thicéad don gcuid eile don turas ón inneall gan fadhb ar bith.Ach cuireadh an traein ar ceal! Ar ámharaí an tsaoil bhí traein eile i gceann tamall sách gairid. Agus ansin ar aghaidh go Glaschú, ar bhus idir an dá stáisiúin i Glaschú, ar aghaidh go Dún Éideann, agus ar aghaidh arís go Dùn Phàrlain. Bhí m’uncail ag fanacht orm ar an stáisiúin agus ansin béile agus leaba - a bhí de dhíth go géar!

Doṁnaċ, 11ú Bealtaine: Cuairt ar Dhún Éideann

Nuair a bhí mé an plé an turas le m’aint luaigh mé go raibh fonn orm seirbhís Ghàidhilg - agus na salm canta - a chlos. Toisc go bhfuil mac léi ina chónaí ar Muile tá aithne aici ar muintir na nOileáin, ina measc bean a fhreastalaíonn ar an seirbhís in Eaglais na Manach Liath. Mar sin, tar éis Aifreann a éisteacht in Eaglais Naomh Máiréad Albain[1] chuaigh mé isteach go Dún Éideann ar an traein. Suas ó stáisiúin Waverley, a bhí breac le nathanna le Walter Scott, agus an Míle Ríoga faoi siopaí agus turasóirí. Bhí fuílleach ama agam, mar sin bhí deis agam amharc ar leachtanna gotacha na reilige. Chuir m’aint faoi gheasa mé peataireacht a dhéanamh ar Greyfriars Bobby. Slua beag a bhí cruinnithe i gcúinne na hEaglaise don seirbhís. Cuid mhaith acu óg go maith - díograiseach an teanga agus an chultúir a choinneáil beo. Daoine éagsúla ag treorú gach sailm faoi seach. Is beag den seanmóir a thuig mé - ba chabhair éigin go raibh fhios agam cén sliocht a bhí faoi chaibidil - as leabhar Dainéil. Cupán tae agus comhrá ina dhiaidh. (Faraor taobh leis an Sacs-Bhéarla don gcuid is mó a bhí mé.)

dún eideann
museum albain
dun pharlain

Bhí roinnt ama agam sula raibh sé in am filleadh ar Dùn Phàrlain agus thug mé sciúird tapa ar Mhúsaem na hAlbain. Teicneolaíocht agus seandálaíocht gob ar ghob. Dolly an caora clónáilte agus na Covenanters! Bhí béile agam le m’aint agus a clann, agus ansin thug me faoi siúlóid tráthnóna go dtí an mainistir. I measc rudaí eile, chonaic mé tobar luaite le Wallace sa pháirc/coill lámh leis an mainistir, agus leacht Naomh Mairéid. Tá ainm Robert Bruce le feiceáil ar thúr na hEaglaise.

Luain, 12ú Bealtaine: Dùn Ṗàrlain go hÍ

Turais traenach: Dùn Phàrlain go Dhún Éideann, as sin go Glaschú. Traein na garbhchríocha - an Siùbhlaiche Gàidhealtachd. Ar mhaithe leis an mistéir a thuiscint, cheannaigh mé buidéal Irn Bru i nGlaschú. Ní thuigim an mealladh - i bhfad ró mhilis domsa.

Ó Glaschú ar aghaidh bhí an traein ag fí idir beanna arda agus locha doimhne - agus e lán go maith le lucht eachtraíochta. Carráiste fiúntach do rothair agus spás go leor do mhálaí droma.

In t-Òban bhí tá an stáisiún traenach ar an gcé nach mór. Bhí diúilicíní úra le fáil, agus chaith mé proinn le fonn. D’éirigh liom bád farantóireachta níos luaithe ná mar a bhí curtha in áirithint agam fháil agus thug mé aghaidh ar an dtrasnú go Muile. Lá breá samhraidh a bhí ann, agus an fharraige ina léinseach. Trí ceathrú uaire nó mar sin go dtí Creag an Iubhair. Áit a bhfuair mé amach nárbh aon buntáiste an bád luath a ghlacadh, toisc go mbeadh orm fanacht ar an mbus go Fionnphort ar aon nós. Bhí uachtar reoite ar díol áfach, rud a ghiorraigh an fanacht. Turas nach mór uair a chloig ar bhus dhá urlár ansin go Fionnphort, tríd tírdhreach sceirdiúil sléibhe, fraoch agus locha - ar bhóthar nárbh bus-thar ná go deimhin carr-thar é. Bhí leataoibh ann go fairsing, agus fógraí rabhaidh.

Caolas tanaí atá idir Fionnphort agus Í. Chuaigh mé i dtír agus fuair treoir go dtí an láithreán campála. Thóg puball, agus chuaigh ag lorg béile. Tá dhá óstán ar an oileán, chaith mé béile i gceann acu ar an gcéad oíche agus san ceann eile ar an dara oíche. Bhí an dá bhéile blasta!

Bhí searmanas ag pobal éacúiméineach í sa mhainistir um a naoi ar maidin agus a naoi istoíche. D’fhreastal mé orthu, le teann fiosrachta. Ní raibh mé iomlán ar mo chompord leo, ach ní bheinn ag súil lena mhalairt. Ar ais chuig an puball agus a luí ansin. Bhí an traonach le clos go fairsing! Chodail mé mar sin féin!

bóthar go hí
muile
Diúilicíní
í ón bhfarraige
Labraid tragnae ‒ trén bard.
Canaid es n-ard n-úar
fáilti do linn té.
Tánic luachrae lúad. [2]
— Cétamuin 7

Máirt, 13ú Bealtaine: Ar Í

Am fear a thèid a dh’Ì, thèid e trì uairean ann.'

Mhúscail mé sách luath ar maidin agus shiúl mé chomh fada le deireadh an oileáin, go Port a' Churaich (mar ar tháinig Colmcille i dtír). Bhí bogach agus fraoch le trasnú, ach bhí sé tirim go maith. Timpeall ar loch; síos chun na trá. Bhí géanna glóracha fiáine romham. Nuair a bhí mo sháith feicthe agam, d’fhill mé ar ais ar an mBaile Mór agus an mainistir don urnaí maidine.

Fuair mé ábhar bricfeasta i mboth a bhain le ceann de na hóstáin - agus is mé a bhí buíoch, mar ní raibh mórán bia ar iompar agam agus bhí an siopa iata an oíche roimhe nuair a tháinig mé.

Thapaigh mé an deis siúlóidín a dhéanamh agus eolas a fháil ó bhean óg (as Sasain!) a bhí fostaithe ag Urras Nàiseanta na h-Alba agus a bhí eolach faoi geolaíocht, ainmhithe agus plandaí an oileáin.

Ina dhiaidh sin chuaigh mé as spaisteoireacht, agus dhreap Dún Í - an pointe is airde san oileán, atá 100m os cionn na farraige agus radharc bhreá uaidh.

Smaoinigh mé ar dul go dtí deireadh eile an oileáin, ach leis an mbrothall bhí tuirse áirithe orm agus shocraigh mé fálróid thart ar Bhaile Mór in ionad.

Chaith mé proinn san óstán eile roimh freastal ar urnaí na h-oíche sa Mhainistir. Cantaireacht agus briathra - mórchuid ón mBíobla, ach cuid ó lasmuigh; agus amhrán ó ar fud na cruinne san leabhar amhráin acu. Ceol uaireanta freisin. Rud amháin a chothaigh amhras orm ná an bhfógra roimh réidh go bhféadfadh daoine na briathra a athrú dá mbeadh col acu leo.

Tá timthriall seachtainiúil leagtha amach dá gcuid searmanais, agus bhí thart ar fiche duine ann gach ócáid ar an fhreastal mise.

Dream ilchreidmheach Críostaí atá ag feidhmiú sa mhainistir - dream deonach, agus baill acu ar fud na cruinne.

Chomh maith leis sin, ar an oileán tá tithe ag Caitlicigh (dúirt mé cúpla paidir ann ós comhair an Naomh Shacraimint), ag an Eaglais Ceartchreidmheach agus ag Eaglaisí na hAlbain - an eaglais paróiste ag Preispitéirigh, agus áras ar leith ag Anglacánaigh.

port a churaich
Port a' Churaich (mar ar tháinig Colmcille i dtír)

Fothaigisium eclais H-Íía iarum, tri .l. ri teoir im manchaine aca-som innti, ⁊ lx. fri h-actail. Ut dixit:
Amra ócbad bói in H-Íí,
trí coecait im manchuníí,
imma curchaib iar sin ler
oc imram trí fichit fer

mainistir
Mainistir Í
reilig odhrán
Reilig Odhrán

A Ódráin” ol Colum Cille, “rot-bia a lóg-sin .i. ni tiberthar a itghe do neoch icom lige-se mina fort-sa shirfes ar tús.” Luid iarum Odran docum nime.

Tor an aba
Tor an Aba

Anseo a bhí both Cholmcille, os cionn na mainistreach. Is ann a d’éag sé, más fíor.

Céadaoin, 14ú Bealtaine ⁊ Déardaoin 15ú Bealtaine : Í go Londain

Maidin Céadaoin bhí fúm tabhairt faoi thír móir arís. Shocraigh mé, tar éis súil a chaitheamh ar an amchlár, imeacht thart ar a 11:00. Bhí mé sa Mhainistir, chaith mé céadphroinn, phacáil mé an phuball, shiúl mé beagán den oileáin, bhí lón beag agam - diúilicíní.

Nuair a shroich mé Fionnphort, thuig mé go raibh mé tar éis míléamh a dhéanamh ar amchlár na mbus go Creag an Iubhair. Ní bheadh bus go dtí an trí. D’fhiosraigh mé taxi. Ní raibh a leithéid le fáil. Bhain mé triail as an ordóg. Ní raibh éinne ag dul soir go Creag an Iubhair sásta mise is mo mhála droma a bhreith leo.

Bhí mé i bponc. Bheadh an bád ar a raibh áirithint agam imithe. Ar ámharaí an tsaoil, bhí both ag CalMac i bhFionnphort. Chuir fear a' bháid ar bhád 17:00 mé - bheadh am agam fós an traein go A' Chrìon-Làraich a fháil. Ní raibh le déanamh mar sin ach suí sa bhrothall agus fanacht ar an mbus um 15:00. Imní eile ansin, mar go raibh turas mór in áirithint don mbus áirithe sin, agus an tiománaí ag mungailt faoi gan spás a bheith d’éinne eile. BLD, bhí.

Léinseach le trasnú arís go dtí An t-Òban. Traein ansin go dtí A' Chrìon-Làraich. Súil agam béile a chaitheamh sa tábhairne a bhí ann. Ach bhí an tábhairne iata. Ní raibh fonn orm siúil faoi ualach san treo eile go dtí óstán. Mar sin d’fhan mé ar an ardán - ar feadh cúpla uair an chloig. Bhí paca brioscaí agam agus cúpla mionrud eile. Áit sceirdiúil is ea A' Chrìon-Làraich, mar a thuigfeá ón ainm. Gleann idir beanna. De réir mar a laghdaigh an solas, mhéadáigh ma míoltóga. Bhíos céasta go maith.

Faoi dheireadh, tháinig an Sleeper agus bhrúigh mé mé féin is mo mhála tríd an dorchla cúng agus tríd doras isteach i mo chillín - leaba bunc, doirteal. Isteach liom sa leaba íochtar. Chodail!

críonl
A' Chrìon-Làraich
míoltóga
Mise, céasta ag míoltóga
sleeper
Cillín san Sleeper

Déardaoin, 15ú Bealtaine ar lean: Londain

Nuair a mhúscail mé ar maidin, bhí téacs ar mo ghuthán ag rá liom go mbeadh moill uair an chloig ar an traein de dheasca traein lastas fán bhealach a bheith tar éis cliseadh. Ní raibh bricfeasta orduithe agam toisc go rabhamar ceaptha bheith i Euston um a hocht, agus bhí sé i gceist agam céadphroinn a chaitheamh le Fionn. Chuaigh mé sa tóir ar ghreim le n-ithe. Ní raibh pearsana an traein ró-bhuíoch díom, ach fuair mé mo bhricfeasta Albanach, ispíní cearnógacha san áireamh…​

Nuair a bhaineamar Euston amach chuaigh mé caol díreach go Kilburn agus árasán Fhinn. D’fhág mé mo mhála ansin, agus chuamar ag lorg an dara bricfeasta - i mbácús leis an ainm tráthúil Don’t tell Dad.

Ní raibh aon fhonn mór eachtraíochta orm, ach chuamar chomh fada leis an áit i Golders Green ina bhfuil an t-árasán nua ag Fionn. Shiúlamar thart ar Hampstead Heath píosa ina dhiaidh sin, agus ar aghaidh go dtí tábhairne Brendan the Navigator le béile a chaitheamh.

Ar ais a leabaidh ansin.

bricfeasta
Bricfeasta Albanach
hampstead
Hampstead Heath

Aoine, 16ú Bealtaine: Londain

Maidin Aoine thug mé aghaidh ar an British Museum. Saibhreas na cruinne ann. (Goidte, gan amhras). Thug mé suntas do go leor - d’fhéadfá cúpla seachtain a chaitheamh ann. An méid ón Afraic go háirithe - práis Bhenin. Obair iontach.

Bhí an seomra léitheoireachta, ina ndearna a liachta sin réabhlóidí staidéar, caomhnaithe i lár an fhoirgnimh.

Ina dhiadh bhí cúpla deoch agam le mo bheir mhic - bhí Tiernán tagtha anall freisin - in íoslach RAM. Greim bia, agus leaba.

Saṫarn, 17ú Bealtaine: Londain go Abergwuan

Tráthnóna Sathairn a bhí mé le tús a chuir leis an aistear deiridh. Chaith mé an maidin ag falróid thart Londain le Tiernán, gan aon sprioc cinnte - ce go ndeachaigh seisean ag taispeántas ealaíona.

Bhí lón mór agam i mbialann Liobánach i ndiaidh do Thiernán bheith bailithe leis chun eitleán d’fháil.

Thosaigh an aistear abhaile le traein go Caerdydd ó Paddington. Traein measartha compordach. Uaidh sin go Abergwuan, ag sníomh trasna Cymry. Shroich mé an cuan farantóireachta ag 21:30 nó mar sin. Bhí an áit tréigthe agus ní raibh de chothú le fáil ach an méid a bhí le baint as inneall lochtach deochanna. Is maith an rud go raibh cúpla rud agam féin - brioscaí agus a leithéid. Chaith mé an cúpla uair an chloig go dtí an Bád ag 01:30 ag faire ar Star Trek ar m’fhón póca!

Doṁnaċ , 17ú Bealtaine: Abergwuan aḃaile

Chuaigh mé ar bord na loinge ag 01:30 agus d’ith bricfeasta in áit an dinnéir nach raibh deis agam a ithe! Ag míogarnach ansin go dtí gur bhaineamar Ros Láir amach ag 05:30. Bhí sé i gceist agam traein a fháil - ach ní raibh traein luath ann. Thug mé faoi ndeara go raibh bus nasc áitiúil go dtí Loch Garman, agus d’fhéadfainn bus Bhaile Átha Cliath d’fháil ansin. Rud a rinne mé. Thuirling mé den mbus ag Cill Mocheanóg agus fuair an 133 abhaile.

Aifreann, leaba, scíth!

Iarḟocal: praġasanna

  • 133 go Busáras, Leap, €2.80

  • Enterprise go Béal Feirste, €17.50

  • Taxi go calafort £15

  • Béal Feirste go Dùn Phàrlain (Bád, bus, traenacha) €50.13

  • Dùn Phàrlain go Dún Éideann, fillte €10.15

  • Dùn Phàrlain go dtí An t-Òban, €81.47

  • An t-Òban go Creag an Iubhair, £4.70

  • Ticéad fillte Bus Creag an Iubhair go Fionnphort £13.20

  • Fionnphort go hÍ £2.30

  • An t-Òban go A' Chrìon-Làraich €21.08

  • Caledonian Sleeper £205 [3]

  • Londain go Ros Láir €76.48

  • Ros Láir go Loch Garman (Leap) €2.80

  • Loch Garman go Cill Mocheanóg (Leap) €19.95

  • Cill Mocheanóg go Baile an Chinnéidigh (Leap) €2.80

Notaí


Ar ais go dtí an príomhleathanach
gandeontas

1. Tá sí curtha sa Mhainistir i Dùn Phàrlain, chonaic mé a leac tráthnóna
2. Labhraínn traonach - bard tréan. \ Canann eas ard fuar fáilte do linn te. Tháinig luaidreán luachra.
3. ach fuair mé aisíoc iomlán toisc go raibh moill níos mó ná uair an chloig ar an dturas!