Réamhrá
Níorbh eol dom an leabhar seo a bheith ann chor ar bith go bhfaca mé tagairt ar BlueSky do bheith ina tagairt luath do mecha, i. róbat ollmhór, bheith ann. Ní raibh cóip ar bith ar fáil ó na leabharlanna poiblí. Shíl mé go mbeadh mé taobh leis an leabharlann náisiúnta chun é a léamh. Ar ámharaí an tsaoil, go gairid tar éis dom é a fhiosrú leo, fuair an siopa leabhar cóip athláimhe, cóip a bhí tráth i leabharlann meánscoile.
![]() |
Léigh mé le fonn é. Tá neart gnéithe spéisiúla ann. Eolaíocht, mistéir, scéinséir. Scríobhadh é i mbéal an Dara Chogadh Dhomhanda. |
An scéal
Tosaíonn an scéal amach le comhrá triúir thart ar bhord dinnéir. Triúr Éireannach, ach aitheantas domhanda acu. [1]. Réalteolaí, Fisiceoir agus eitleoir. Tá an réalteolaí, bunaithe ar eolas ó seandálaíocht san Éigipt tar éis fionnachtain a dhéanamh - pláinéid "dofheicthe". Níl ag éirí leis sin a chuir ina luí ar an mbeirt eile - ach tá sé tar éis modh a fhorbairt gur féidir an pláinéid a fheiceáil le cianradharcán. Cuireann sé ina luí ar an mbeirt eile tabhairt faoi thuras a thabhairt air. In eitleáin cóirithe go spéisialta - a eitlíonn go hairde áirithe agus a bhaineann úsáid ina dhiaidh sin as roicéad chun éalú ó imtharraingt an domhain - agus a bhaineann feidhm as imtharraingt an phláinéid nua chun dul chomh fada leis. (Níl easpa imtharraingt le linn an turais luaite.) An triúr acu agus mac an réalteolaí a bhíonn mar folachánaí leo! [2]. Tagann siad chomh fada leis an pláinéid nua slán sábháilte. Luaitear gnéithe éagsúla leis agus leis an pobal - daonna - ann. Iad mílítheach, toisc an scamall timpeall ar an cruinne a laghdaíonn an solas gréine. Imtharraingt níos lú. Sochaí faoi smacht ard-mháistir a bhfuil cumas smacht aigne aige. Tarlaíonn eachtraí go leor dóibh - ina measc cumadh an mecha ag an eolaí chun dul i ngleic le harrachtaigh. Le cabhair an mecha a éalaíonn siad sa deireadh, tar éis dóibh formad an ard-mháistir a tharraingt orthu féin.
Tá codanna den eolaíocht sa leabhar cruinn go maith, ach tá bearnaí aite ann. Ach ó tharla gur sna tríochaidí a scríobhadh é, is beag iontas sin is dócha. Agus scéal eachtraíochta do dhéagóirí (fireann?) atá ann.
Thaitin an scéal liom. Ficsean eolaíochta agus eachtraíochta láidir. Scíthléitheoireacht den scoth.
© Aonghus Ó hAlmhain 2025 |
![]() |