Réamhfhocal

Luadh é seo liom mar thagairt luath den rud a dtugaimid Android air as Béarla, i. inneall a bhfuil cuma agus gothaí duine air. Fuair mé cárta léitheora de chuid na Leabharlainne Náisiúnta chun taighde a dhéanamh air. Tá an scéal le fáil i Bonaventura, iris de chuid na bProinsiasach in eagrán Earrach 1938, lgh 70-75.

Cé go bhfuil cuma scéal ficsean eolaíochta air ag an dtús, is túisce thabharfainn critic shochaí air. Tá an mhóitíf - duine ag iompú isteach sa ghléas a bhaineann sé feidhm as - i cúpla áit an Flann O’Brien sa Chrúiscín Lán - duine ina inneall traenach abair. Agus cuid mhaith rotharduine agus fiú capallduine san Treas Póilín.

Tús an scéil

Tá neach ina chomhnuidhe 'sa tigh seo lem’ais ná facthas a leithéid cheana ar an saoghal.

Duinneall a ainm. Aithneofar a áitreabh ar cumhangus doras an tighe agus fairsinge geata an gharáiste le na thaobh. Le fad de bhlianta tá Duinneall 'na chomhursain béile dorais agam agus gan aon phioc d’a chuimhneamh agam ná gur duine den Ádhamh-shliocht mar cách é.

Leanann an scéal ar aghaidh mar sin, ag cuir síos ar an dóigh a rinneadh inneall den duine de réir a chéile.

Ach is léir ag críoch an scéil gur critic shóisialta atá ann:

Tá sé a' tórmach [1] chun cogaidh i láthair na huaire. Acht ní hé an bás is mó atá orainn. Cad é an díoghbháil éinní acht Duinneall do bhualadh a chló féin ar smaointe ár gcroidhe istigh? Má éiríonn san leis ní ceadóchar dúinn a chreideamhaint d’ár ndeoin féin a dheinimid beart. Géillfimid gur dlighthe meicneacha a riaghluigheann cúrsaí ár n-aigne agus imtheachta an tsaoghail. Ní luadhfar Saoirse linn. Glacfam leis na dlighthibh meicneacha mar theórainn. Caillfeam radharc ar an Síorraidheacht agus tabharfam cúl le Dóchas. Sin é ár ndán dár le Duinneall. Ní fhágfaidh sé againn an toil is beatha dúinn ná ní fhágfaidh sé miorbhúilt ag Dia.

Cá gábhadh a thuille a rá? Ní beag an méid sin de chomharthaí sóirt an Duinnill. Tá an cinéal ag dul i líonmhaireacht in aghaidh an lae. Is baoghal díbh é, a "fhír-iarsma de ghléire Gaedhal." Má scaoiltear leis ní fhágfaidh sé cead siubhail de ló ná cead codlata d’oidhche agaibh. Brúighfear nósa bhur sinnsear fé chois ag Duinneall na bhfaisean. Crosfar dráma agus ceól oraibh ag Duinneall an tSoin-mheaisín. Bainfidh Duinneal Státaire bhur saoirse dhíbh. Bainfidh scoith na na nDuinneall — Duinneall Saighdiúir — bhur mball bheathadh dhíbh. Agus mar bharr donais ní fhágfaidh Duinneall Feallsamh bhur n-anam spioradálta agaibh.

Loirgeann Duinneall ollchómhacht. Is deachtóir é a sháruigheann Hitler agus Stalin. Ní dheargann arm air ach amhain an t-arm ná creideann sé a bheith ann. Arm na fírinne is é a chlaoidhfidh é.

Ar ais go dtí an príomhleathanach
gandeontas

1. Féach FGB, tórmach