Réamhfhocal
Tá Fionn s’againne san Eilvéis an tEarrach seo, ag canadh La Bohème. Mar sin shocraigh muid dul sall. Bhí briseadh le bheith aige i ndiaidh an léiriú i Schaffhausen, Dé Máirt na Seachtaine Móire (31ú Márta), mar sin roghnaigh muid dull go dtí an léiriú sin. San dóigh sin, bheadh am aige le caitheamh linn.
Aerfort Zürich
D’eitil muid le Aer Lingus go Zürich. Fuaireamar carr ar cíos ansin. Bhí Uta ag dréim le Fiat 500, carr lámhghiarála mar atá aici sa bhaile. Ar ndóigh, ní raibh a leithéid ag fanacht orainn. Bhí na cairr a bhí ar fáil ró-íseal dar léi. Thosaigh an mhargáil. Bhí airgead sa bhreis len íoc. Agus sa deireadh d’fhágamar le carr hibrideach, uathoibríoch de chuid BYD. Chuaigh sí i dtaithí air go pointe - seachas go raibh an diabhal rud ag iarraidh beachtú uirthi i gcónaí, má dúirt an ríomhaire go raibh sí ró ghar do líne bán (agus uaireanta bhí, de bharr oibreacha bóthair!) nó don imeall. Agus go raibh an carr ró leathan, dar léi - cúis fuarallais ag dul faoi dhroichead cúng, abair.
Welschingen
Ar chúiseanna eacnamaíochta (tá an Eilvéis daor), is sa Ghearmáin, gar don teorainn a chuireamar fúinn don gcéad cúpla lá. Lóistín AirBnB (mar atá sé ceaptha a bheith - teach mór, ró fhairsing don úinéir agus a chlann tógtha agus scaipthe; arasán aige thíos staighre, muide thús). Sócúl. "Kachelofen" a dhóigh adhmaid, sean-nós, ach teicneolaíocht nua i bhfeighil air. Adhmad bainte go hinbhuanaithe sa choill. Chonaic mé carn adhmaid ag neart tithe sa cheantar. Ach chonaic mé painéil gréine go leor freisin, agus monarchan leis an mana "bainimid fómhair na gréine" (Wir ernten Sonne). |
Kachelofen
|
Baile beag is ea Welschingen, néata, cuma an airgid air. Bácús, Metzger (Búistéir agus idir feoil ámh agus feoil réitithe ann - ispíní iomadúla na Gearmáine). Oifig Poist. Siopa athláimhe a bhí lán go fraitheacha le hiontaisí agus kitsch. Proinnteach. Agus séipéil - nua agus sean, agus roinnt taiscí san ceann nua ón seancheann. B’shin ár gceannceathrú go gceann cúpla lá. Ach bhí mé féin siúlach. Frische Brötchen a fháil ar maidin, agus cupán caife ón mBácús sa sráidbhaile agus ansin abhae liom. (Rud amháin a bhraithim uaim ón nGearmáin ná arán agus bollóga aráin úr ón mbácús - an iliomad cineál ar fáil idir saillte agus milis) |
Dealbha ón sean Eaglais san Eaglais nua, agus meirge
|
Engen
Tá baile beagán níos mó, Engen, gar do Welschingen. Rinneamar roinnt siopadóireacht agus a leithéid ann, agus thapaigh mé an deis amharc ar an Altstadt (agus séipéal eile! Caithfear coinneál i dteagmháil leis an gceannáras.)

Samplaí deasa go leor de Fraktur. Fuarán grinn. Seod beag i lár gnáthbhaile comhaimseartha Gearmánach. Ceantar coisithe!
Droichead an Diabhal
Ar n-a ṁárach tra, lá fhéile Pátraig do ṡonnraḋ, in seċtmaḋ lá dég do mhí Márta, gapait go baile beg oile, Flelan a ainm. As sin dóib tré ṡliap Alpa. Buí immorro an sliap línta lán do ṡneaċta agus d’oiġreḋ, do ṡligṫib agus do ċassraċoip caol-ċuṁga corraċa. Rángatar droiċet coṁartt buí i nglionn ro-domain, Droiċet in Diabail a ċoṁainm. Aroile d’eaċroiḋ Uí Néill ar a roiḃi páirt dá airget dia imaċor, timċeal sé fiċit éigin ponta, tuitiss síoss re beinn an ailt imaird oiġreta ṡneaċtaigi buí as urċoṁair in droiċit. Fríth saoṫar derṁair ag tabairt an eiċ amáin aníoss. Cinniss agus coṁairligiss in t-airget anṁain ag imċoiṁét in tsroṫa aggairp imdomain ainiarmartaiġ gaḃus faoi in droiċet tria cert-lár in ġlenna. Bátor tra an oiḋċe sin a mbaili beg dar coṁainm Pede Montain. Sé léige a n-aister in lá sin.
Taḋg Ó Cianáin
Pont du Diable, c’est a dire Taidhfealsbruice. Agus, ceart go leor, chonaic sé rompu, tríd an gceo sneachta, súil droichid. Bhí droichead caol ag síneadh trasna an chaolais, ón taobh ar a raibh siadsan go dtí an taobh thall. B’iontach an radharc é, dar le Lúcás, réiteach álainn ar fhadhb achrannach sléibhe. Ach bhí imní air faoi chuid de na daoine a bhí amach roimhe. Bhí an fhaitíos le brath ar an mbaicle beag stromptha.
Bealach na Spáinneach (Triológ Lúcáis Uí Bhriain)
Bhí fonn orm an droichead seo a fheiceáil le mo shúile cinn. Bhí roinnt taighde déanta agam, agus bhí an cuma air go raibh lúbshiúlóid deas in aice an ghleanna agus thar an droichead. Mar sin, cheannaigh mé ticéad traenach go hAndermatt. Traein áitiúil ó Welschingen go Singen. As sin go Zürich, Aarth-Goldau, Göschenen agus faoi dheireadh Andermatt. Ach nuair a shroich mé Andermatt, bhí sneachta tar éis titim, bailc trom gan choinne. Sneachta go glúine na bhfear beag! Sin rud nach raibh curtha san áireamh agam.
|
|
|
|
Bheartaigh mé siúl fán mbóthar. Bhí sé achrannach go maith mar go raibh an céachta sneachta tar éis an sneachta a bhrú go himeall an bhóthair, agus bhí sé domhain go maith - go háirithe nuair a bhí orm dul tríd tolláin gairid. Bhí fógraí thall is abhus ag fógairt na cosáin a bheith dúnta, ní nach ionadh. Bhain mé amach droichead, ach níor aithin mé go raibh mé san áit ceart - ní raibh mé ag súil le droichead dúbailte. Bhí rudaí ag éirí níos achrannaí - sneachta fós ag titim. Chas mé ar ais, dá réir, díomá orm. Chuaigh mé go dtí an oifig turasóireachta, agus níor shíl bean na háite go raibh an droichead bainte amach agam ach oiread. Cheannaigh mé cártaí poist. Fós shíl mé nach raibh an áit bainte amach agam - mar is ón dtaobh eile a glacadh an pictúir. Ní go dtí go raibh mé ag dul síos sa ghleann arís go bhfaca mé on traein go raibh mé thar éis a bheith san áit ceart - bhí pictúir den diabhal é féin tarraingthe ar an droichead nua. Is amhlaidh gur tógadh droichead nua os cionn an tsean-droichead sna caogaidí, nuair a cuireadh tollán tríd an sliabh.
Idir an dá linn, bhí mé tar éis siúl ar ais go dtí an baile. Bhí mé tar éis ticéad a cheannach a bhí ceangailte do traenacha ar leith, mar sin bhí fanacht romham.

Ar an slí ar ais thug mé an sean séipéal seo faoi ndeara agus chuaigh níos gaire. Tiomnaithe do Kolumban agus éarlamh lucht gluaisrothair luaite leis. Dhearbhaigh roinnt cuardach ar líne dom gurbh é Columbán s’againne, i. Columbán Bhobbio, a bhí i gceist. (Ní raibh tuairim ag bean an oifig eolais nuair a chuir mé ceist.)

Bhí séipéal eile i lár an bhaile - Séipéal Pheadair agus Póil. Chaith mé súil air agus mé ag fanacht le bord a bheith saor san Bahnhofsbuffet. Chaith mé seal eile ag fánaíocht thart ar an mbaile. Bhí lucht scíála ann go tiubh.
Bündner Gerstensuppe a bhí agam faoi dheireadh, anraithe eorna phéarlach le glasraí agus speck(bagún saillte) tríd. Díreach ceart dom aimsir.
Seachas fanacht in Andermatt ar an traein a bhí in áirithint agam, agus chun gan dul sa tseans le cigire díograiseach (bhí mé san Eilvéis, tar éis an tsaoil), cheannaigh mé ticéad eile go Göschenen agus síos an ghleann liom arís. Zahnradbahn - traein agus giar faoi, toisc a chrochta is atá an chnoc. Falróid thart i Göschenen - baile beag suaimhneamhach, séipéal eile barócach - le taise de chuid Gotthard.

D’fhoghlaim mé focal nua i gcaifé an staisúin i nGoschenen - Schoggi atá ar seacláid te i nGearmáinis na hEilvéise! Tá siad tugtha freisin do Ovalmaltine ach níor bhlais mé sin. Bhí Nusstange (Maide cnó, taos cnónna i dtaos) agam leis an seacláid, blasta.
Göschenen - Zürich ansin.
Ar an mbealach cois Vierwaldstättersee thug mé tagairt do Wilhelm Tell faoi ndeara. De réir an tseanchais, tar éis an eachtra cháiliúil leis an úll ar chloigeann a mhic, gur ghabh Gessler é nuair a dúirt sé gurb dó siúd an dara saighead a tharraing sé. Bhí Gessler agus a dhrong a thabhairt trasna an locha, faoi cheangal. D’éirigh stoirm agus bhí eagla ar Ghessler, an tíoránach de Vogt nár bheannaigh Tell dá cheannbheart ar mhaide. Ba bhádóir nótáltha é Tell; scaoil sé é chun iad a thabhairt slán. Thug Tell an bád go bruach - ach ansin ling sé as an mbád agus amach ar an mbruach - ag lascadh an bháid ar ais san anfa!
Bhí píosa le fanacht agam i Zürich.

Is geall le hionad siopadóireachta Hauptbahnhof Zürich, an iliomad siopa agus bialann ann, agus seastáin caife agus bia freisin. Tá fiú seomra urnaithe ilchreidmheach ann, altóir ar thaobh amháin agus saighead i dtreo Meice sa chúinne eile; agus fógra ag iarraidh ar Mhoslamaigh urnaí go ciúin d’fhonn gan cuir isteach ar dhaoine eile.
Bhí rogha agam idir tuirling i Singen nó Engen agus seans an traein áitiúil a aimsiú ag ceachtar. Chuaigh mé sa tseans le hEngen; agus chuaigh sé sa bhfraoch orm. D’imigh an traein áitiúil díreach sular thuirling mé ón traein. Bhí sé dorcha, agus ag cuir fearthainne. Chuir mé fios ar an mharcshlua! (Mo shonuachar sa charr).
Lá fada ach taitneamhach.
Hohenhewen

Tá cnoc os cionn Welschingen. Thug mé rud éigin ar a bharr faoi ndeara an chéad lá; carraig, shíl mé. Ach fuair mé amach gur fothrach caisleáin a bhí ann. Thug mé aghaidh ar an gcnoc maidin Máirt tar éis dom Frische Brötchen a fháil, fad is a bhí an chuid eile fós ina luí.
Bhí beagán sneachta ar an dtalamh agus mé ag druidim le bharr an chnoic, ar chosán marcáilte go cúramach. Chonaic mé fianna agus giorriacha, agus chuala mé neart éin. Más buan mo chuimhne ní fhaca mé duine ná deoraí go dtí go raibh mé anuas ón gcnoc.
Bhain mé an caisleáin amach tar éis uair an chloig nó mar sin. I bhfothrach an chaisleáin bhí túr nua miotal tógtha - agus bhí radharc den scoth óna bharr.
Sa taobh sin tíre tá cnoc de bhunadh bolcánach ag gobadh as an má, agus is minic dún nó caisleáin ag a bharr - toisc an radharc ar an gceantar maguaird a bhí ar fáil uathu!
Stair roinnt céadta bliain atá ag an caisleán - bhí an ceantar buailte ag cogaí éagsúla - Baváirigh, Ostaraigh, Francaigh agus Eilvéisigh ag déanamh ionradh ag tréimhsí éagsúla.

Siúlóid deas maidine.
Schaffhausen, Opera
Tráthnóna thugamar aghaidh ar Schaffhausen - tá mo léirmheas ar an Opera ar an mblag - Dá mba andúileach í Mimi…
St. Gallen
Mochóirí mise le roinnt blianta anois, ach is fearr leis an gcuid eile codladh go headra.

Mar sin, i ndiaidh dom rollóga na coda eile agus ceapaire agus caife dom féin a fhail ón mbácús, thug mé aghaidh ar an stáisiúin traenach. Traein áitiúil amháin chomh fada le Konstanz, agus ar aghaidh ar thraein áitiúil eile tar éis tamall chuig St. Gallen. Bhí suim agam dul ann de bharr Ceallach Diarmuid Johnson a bheith léite agam, agus de bharr an taispeántas Focal thar farraige, ina raibh LSS ó leabharlann St. Gallen.
Shroich mé an mainistir pas beag roimh a deich agus oscailt na leabharlanna. Bhí an áit glórach le buachaillí scoile - tá scoil ann fós!
Tá trí thaispeántas ar fad san áit. Ceann stairiúil san íoslach, ag cuir an mainistir i gcomhthéacs. An leabharlann féin - mar a bhí in aimsir Athbheochan an léinn, agus rudaí eile cnuasaithe ann seachas leabhar. Seargán, fiú! Agus cruinneog ollmhór. Bhí roinnt LSS ar taispéaint san íoslach, ach ní raibh gach seoid ar taispeáint.
Taispeántas athraitheach a bhí san tríú ceann, i bhfoirgneamh eile. Bhain an ceann a chonaic mé le mná ag dul le gairm crábhaidh sna meánaoiseanna.
An uile rud iontach spéisiúil. Croch mé liom cóip de saol Gallus le Strabo in eagrán Laidine agus Gearmáinise. Níl le déanamh agam anois ach é a léamh!
Tá eaglais ollmhór bainteach leis an mainistir.

Bhí na heaglaisí ar fad a chonaic mé ar mo shiúlta go hálainn - ní staraí stíleanna mé, ach measaim barócach don gcuid is mó. Ach i Sankt Gallen is éard a sheas amach dom ná maisiúcháin na mboscaí faoistine - radhairc ón soiscéal, parabal an mhnaoi ag lorg an bonn caillte, abair. Sé sin, sleachta a bhaineann le hathrí, agus lúcháir Dé.
Is le cloigeann lán a d’fhill mé via Konstanz ar Welschingen.
Biel/Bienne
B’é Biel/Bienne ceann-ceathrú Fhinn agus é thall. Baile deas le croí ó na meánaoiseanna - ar ndóigh d’fhan an Eilvéis glan ar chogaí an fichiú céad. Is i mbaile beag buailte leis a bhíomar, i Nidau. Thíos staighre i dteach dhá stór, agus an teaghlach thuas staighre. AirBnB arís.

Baile thar a bheith insiúlta. Crosbhealaí coisithe fairsing, cuid gan soilse tráchta - ach ceart bealaí ag coisithe mura bhfuil soilse tráchta i bhfeidhm (agus meas ar sin, ó tharla san Eilvéis). Múchtar na soilse tráchta san tráthnóna, agus leis na coisithe an svae ansin.
Ceist teangacha
Tá Biel/Bienne ar theorann teanga idir Schwyzerdütsch (Gearmáinis na hEilvéise) agus Fraincis. Tá an baile féin measctha, ach thug mé faoi ndearna (tuairim neamheolaíoch!) go raibh Gearmáinis i dtreis ar taobh na locha a bhí gar don nGearmáin, agus Fraincis ar fad ar an dtaobh eile. An taithí a bhí agamsa ná go raibh smearadh Fraincise ar a laghad ag Gearmáiniseoirí - ach nach raibh Gearmáinis ar bith ag Frainciseoirí. Go deimhin, nuair a bhí ceist agam ar shagart, agus é thar mo chumas Gearmáinise thug mé rogha idir Béarla ⁊ Gearmáinis dó - roghnaigh sé Béarla.
Triduum na Cásca
Déardaoin Mandála a shroich muid Biel. Chaitheamar béile agus ansin bhí orm dul go pras chun Aifreann a aimsiú. Bhí sonraí an séipéal Gearmáinise agam, ach ní raibh seoladh cinnte. Chuaigh an béile i bhfad agus faoi dheireadh bhí orm rith le bolg lán rösti [1]. Bhain mé an séipéal amach, foirgneamh nua stroighne, agus shíl mé go raibh botún déanta agam - bhí sé folamh seachas bean ag urnaí. D’fhiafraigh mé di ca raibh an searmanas agus sheol sí go dtí an íoslach mé. Searmanas éacúiméineach a bhí ann, ceathrar nó cúigear idir fir is mná[2] ag léamh agus ag treorú. Cosa á ní. Arán, ológa agus fíon á roinnt. Bhí sé maith go leor, ach ní raibh sollúntacht ag baint leis. Níor chorraigh sé mé. Bhí an mistéir ar lár.
Bhí Tenebrae (seirbhís urnaithe mochmaidine) le bheith ag an séipéal Francafónach maidin Aoine an Chéasta. Thug mé aghaidh ar sin, dá réir. Foirgneamh níos traidisiúnta. Bhí an searmanas thíos staighre. Léamh, urnaí, ceol. Bhí an mistéir i láthair!
Séipéal neamhghnách atá ann - ar shleas géar cnoic, gearrtha isteach ann. Fíonghort tráth dá raibh. Nuair a cuireadh leis an séipéal[3] fágadh cuid den sean séipéal mar íoslach - is ansin a bhí an seirbhís.
D’fhill mé tráthnóna do searmanas Aoine an Chéasta a bhí thuas staighre san príomhséipéal. Arís sollúntacht, ceol, sagairt so-aitheanta! Gach aoi ó naíonán go seanóir. Foireann freastalaithe. Sagairt de bhunadh na hAfraice ina bhun. Thug mé suntas do éide na sagairt - prionta liopard!
Is ceiliúradh liotúirgeach amháin atá ann ó Déardaoin Mandála go Bigil na Cásca. Fágtar an séipéal go ciúin dé hAoine in ndiaidh adhradh na croise agus roinnt Comaoineach[4].
Bhí mé ar ais Oíche Satharn don Bigil[5]. Tine lasta lasmuigh chun coinneal na Cásca a lasadh, agus ansin an pobal uilig le coinnle lasta ag dul isteach san séipéal. Ceol, lúcháir, urnaí. (Bhí mo Fraincis scoile faoi bhrú áfach ag aitheasc an sagairt). Fear óg á bhaisteadh, agus lúcháir le brath ar an pobal - bualadh mór bos dó. Athnuachan gealltanais baiste. Mhothaigh mé i mo pháirt de phobal idirnáisiúnta - bhí go leor de bhunadh na hAfraice ann- lúcháireach caitliceach.
D’fhill mé maidin Domhnaigh. Tá áthas orm go ndearna. Bhí ceol le drumaí na hAfraice[6] agus cantaireacht álainn i dteanga Afracach ann chomh maith le ceol Eorpach. Baisteadh seachtar - ó naíonán go déagóir.
Thug an sagart de bhunadh na hAfraice an-aitheasc. Ag tarraingt as scéal an soiscéal - Eoin agus Peadar ag rith go dtí an tuama - agus Eoin óg ann roimh Peadar ach ag fágáil tús áite. Peadar moins jeune dar leis; a dhála féin agus é ag imirt péile le hógánaigh an pharóiste! Bhain sé feidhm as meafar na lúthchleasaíochta chun saol an chrábhaidh ón mbaiste ar aghaidh a phlé.
D’fhiafraigh mé ar an slí amach - de bhunadh an Congó sciar maith de na paróisteánaigh agus a dteaga siúd a bhí á chanadh - ar an ndrochuair níor fhiafraigh mé cén teanga go baileach. Agus ón Congó freisin an éide - comhartha seanóra nó taoisigh an prionta liopard.
Tríd is tríd, ainneoin an bac teanga, bhain mé tairbhe as an searmanas (agus bhí aiféala orm nach ansin a cheiliúr mé Déardaoin Mandála.)
CERN
Lé cúpla bliain bhí fonn ar an ndamhsóir - a rinne fisic don Ardteist - cuairt a thabhairt ar CERN. Mar sin, thug an damhsóir, Fionn agus mé féin aghaidh ar an Ghinéiv agus ar CERN, ag fágáil go moch ar maidin - is ar an lá amháin is féidir páirt a ghlacadh sa chrannchur do thuras treoraithe.

Tá museum iontach idirghníomhach eolaíochta ann - gan chostas - agus bhaineamar an sult as na taispeántais agus - cluichí is dócha - a mhínigh gnéithe den eolaíocht. Agus chonaiceamar an chéad freastalaí WWW riamh:

Bhí an t-ádh linn agus bhaineamar áit amach san crannchur don turas treoraithe. (Is gá iarratas a dhéanamh ar an bhfón dhá uair roimhe. Imíonn na háiteanna ar an turas ar luas lasrach. Chaill Fionn an deis mar rinne sé an leathanach a athlódáil - ar ámharaí an tsaoil, theip ar duine eile teacht in am agus fuair sé an deis).
Rinneadh cuir síos ar an gcéad luasaire cáithníní i bhfíseán - a teilgeadh ar an inneall é féin (atá as feidhm anois). Ansin chonaiceamar scannán eile faoin gceann is déanaí, agus treoraí eolach a d’fhreagair ceisteanna. Bhí deis againn amharc tríd fuinneog ar an seomra stiúrtha - ach ní raibh faic ag tarlú, cionn is go raibh fuaraitheoir tar éis teip agus an córas múchta.
Bhíomar ag cuir thar maoil le heolas agus traochta go maith faoin am bhaineamar Biel amach arís. Lá dár saol.
Buvette du Débarcadère
Gan amhras, ní cuairt ar an Eilvéis go fondue.

Mar sin, thiomáin Uta muid deiseal timpeall an locha go bialann cois locha a chuir a leithéid ar fáil. Leagan le cáis gabhar a roghnaigh muid. Prátaí chomh maith le harán ann lena ithe. Agus cidre nó fíon leis. Blasta!
Taubenlochschlucht & Bözingenberg

Ar ár lá iomlán deiridh thug mé féin agus Fionn faoin sliabh. Tríd clasán fionnuar, agus ansin suas cnoc nach raibh róghéar ach a thug goile dúinn don mbéile sa phroinnteach ar barr - 900 m os cionn na mara! Bhí roinnt mhaith againn ar an taobh tíre, agus ailp ar fíor na spéire. Níorbh aimsir ghrianghraif ab ea é, áfach. Bhí na dosaen parafaoileoirí ag baint sult as an ngrian! Síos bealach eile a chuamar - cosán nathrach géar tríd an gcoill. D’obair gur bhriseamar cnámh! Bhí duilliúr briosc ar an dtalamh agus clocha beaga scaoilte faoi. Uair nó dhó is go hairdeallach, ag sleamhnú ar ár dtónacha, a bhogamar.
Siúlóid iontach mar sin féin!
Aguisíní
Hiiker.app
Níl an Eilvéis san áireamh san fánaíocht sonraí gan chostas. Ba mhór an chabhair dom, fiú sa chathair, go raibh mé in ann léarscáil a íoslódáil don aip Hiiker.
Creimhfheis
ma ro metha[d] crimés . . . .i. antan ticc in crimh .i. féis do berur a naimsir in creamha don flaith .i. maothla ⁊ loim.
(Féach seo)
Bhí béile againn san Kapuzinerstube (nach raibh baint aige le mainistir ar bith ) in Engen ar mholadh fear an tí. Bhí creamh i séasúr, agus bhí Bärlauchsuppe, Bärlauchpasta, agus …. uilig blasta. Ar ball san Eilvéis cheannaigh muid Bärlauchspätzle le réiteach don dinnéar. Díol flatha de bhia!
A shaighdiúirín, a chroí
Bhí an damhsóir ag déanamh iontais don líon fear a bhí tugtha d’éide camo. Ach ar ndóigh, is daoine a bhí i mbun a seirbhís míleata a bhí i gceist - seirbhís atá éigeantach d’fhir, agus cúpla seachtain in aghaidh na bliana le déanamh acu tar éis an mbun oiliúint.
Labhair mé le cuid acu agus mé ar an mbealach go Droichead an Diabhail - fir a bhí san rannóg sléibhe. Tá rogha aonaid acu, má bhaineann siad amach na caighdéan corp agus intinne.
Fraktur
Tá cleachtadh agam ar Fraktur a bheith in úsáid sa Ghearmáin - ach i mBienne bhí sé in úsáid don Fraincis chomh maith!
© Aonghus Ó hAlmhain 2026 |
|






