Réamhrá

camino 1

Is ó A Coruña a thosaíonn an Camino inglés(!), bealach traidisiúnta na nÉireannach go Santiago, tar éis turas loinge. Ach níl an fhaid ceart san chúrsa sin chun Compostela a fháil. Níl ach 75 km i gceist nuair atá 100 km de dhíth. I ceadmhách áfach 25 km a shiúl in Éirinn agus dearbhú a fháil ar sin. Tá roinnt conair molta ag Cumann Camino na hÉireann, ina measc ó Bhré go Geata San Shéamuis i lár cathair Átha Cliath.

Cé gur mhaith liom siúl go Santiago, amach anseo, is ar mhaithe le siúlóid fhada seachas rud ar bith eile a rinne mé an siúlóid. Agus bhailigh mé na stampaí toisc go bhfuil pas an oilithrigh ar fáil as Gaeilge!

Bré go Cill Iníon Léinín

Bhí mé lasmuigh de chaifé Finnbees ag 6:30 ar maidin. Fuair mé an chéad stampa (agus cupán caife). Ar aghaigh liom fán trá ansin i dtreo an chuain. Ansin isteach tríd eastát tithíochta nua, thar Coláiste Ráithín agus amach ar sean bhóthar Bhaile Átha Cliath. Ar dheis is dtreo Eaglais Naomh Séamús i Cruincín, áit a bhfuil an dara stampa le fáil i mbosca ar bhalla an tséipéil. Go gairid ina dhiaidh sin fágann an siúlóid an bhóthar agus gabhann tríd Páirc Sheangánach. Bhí cuid den cosán seo marcáilte, ach níor aithin mé mar marcáil camino iad - ní raibh an sliogán orthu. (Agus seans gur cosán eile ar fad a bhí i gceist leo.) Beagán trid eastáit tithíochta ansin agus tríd páirc cois chósta chomh fada le trá Chill Iníon Léinín.

Cill Iníon Léinin go Dún Laoghaire

Bhí an taoide an íseal, mar sin seachas siúl fán mbóthar mar atá molta, shiúl mé fán trá. Bhí mé in ann Trá na Carraige Báine a bhaint amach - ní féidir siúl idir an dá thrá ach ag lag thrá. An ndóigh, chiallaigh sé sin go raibh staighrí géara le sárú agam chun an bóthar thuas a bhaint amach arís!

An bhóthar cois cósta ansin, thar Cuan na Coille Móire agus radharc iontach ar Deilginis. Ar aghaidh arís go Cuan Bhlóic. Agus timpeall an chósta go dtí Túr James Joyce. Bhí orm sos a ghlacadh ansin, mar nach raibh an túr - agus stampa le fáil ann - le n-oscailt roimh a deich, agus ní raibh sé ahc leathuair tar éis a naoi. Shuigh mé síos cois trá ag Bá an Albanaigh (lámh le Cladach an Daichead Troigh, a bhí ana ghnóthach le lucht snámha!)

Nuair a bhí mo stampa faighte agam, ar aghaidh liom go dtí an ionad turasóireachta i nDún Laoghaire chun stampa eile a fháil.

Tá Dún Laoghaire nach mór leath bhealach.

Dún Laoghaire go An Baile Gaelach

Tá cosán cois cósta, saor ó ghluaisteáin ó Dhún Laoghaire go dtí Túr Martello Rinn na Mara (bhí snámhaithe gníomhach ansin freisin). Ar bhóithre arís ansin chomh fada leis an gCarraig Dhubh. Ach tá páirc cois cósta ón Stáisiún Traenach chomh fada le Stáisiún traenach Bhaile an Bhóthair.

Ar bhóthar ansin comhthreomhair leis an gcósta go dtí Geataí Mhuirfean; trasna an líne traenach agus píosa ar an mbóthar go dtí gur bhaineas amach an páirc cois trá arís. Páirc líneach chomh fada leis an mBaile Gaelach.

An Baile Gaelach go Geata Shan Shéamuis

Siúlóid uirbeach amach is amach ón mBaile Gaelach ar aghaidh (agus bheadh marcáil cabhrach anseo). Píosa fán Dothar agus isteach go Duga na Canálach Móire - chuaigh mé ar strae beagan anseo, toisc go raibh bealaí dúnta ag oibreacha. Amach go dtí céanna an Life. Trasna Droichead Samuel Beckett - droichead Calatrava. Tríd plód na dturasóirí fá na céanna thuaidh - ar na clárchosáin - chomh fada le droichead O Donnabháin Rossa. Suas Sráid an Fhíona go dtí Eaglais Chríost, agus stampa eile. Ar aghaidh tríd na Saoirsí, Sráid Thomáis chomh fada le Geata agus Eaglais san Séamuis.

Bhí an ionad eolais fós oscailte, mar sin fuair mé an stampa deiridh agus Compostela ag dearbhú go raibh dóthain siúlta agam chun na coinníollacha a chomhlíonadh dá ndéanfainn oilithreacht ó A Coruña.

Iarfhocal

camino 2

Seacht go leith uair a chloig a thóg an siúlóid ormsa. Tá an bealach a lean mé le fáil ar Hiiker. Ó tharla nach bhfuil an bealach marcáilte, bhain mé féin feidhm as taifeadadh Hiiker a bhí déanta ag duine éigin eile. Agus bhí na codanna ar fad, nach mór, siúlta agam cheana, mar sin bhí fios mo bhealaigh agam. Is trua nach bhfuil an bealach marcáilte. Ach is dream saorálaigh Cumann an Camino, agus is dócha nach bhfuil na hacmhainní acu - agus níl an nós sa tír, mar atá ar an mór roinn - marcáil simplí le péint a dhéanamh atá éasca cothabháil.

Siúlóid uirbeach atá ann, mar sin tá neart siopaí fán mbealach chun tart agus ocras a leigheas.

Bhain mé taitneamh as - ach ní dóigh liom go ndéanfainn arís é.


Ar ais go dtí an príomhleathanach
gandeontas