Baile an Sceilg, Deireadh Seachtaine Lae Bealtaine
Réamhrá
Bhí fonn orm le fada dul go Gaeltacht Ciarraí Theas, ach thógfadh sé lá iomlán le hiompar poiblí dul ann. Ní fhéadfá deireadh seachtaine a dhéanamh as, ná fíu deireadh seachtaine fada. Chuir mé ceist ar baill an Iar Chiorcal [1], féachaint ar mhaith le héinne eile dul. Shocraigh beirt dul, agus fuair mé teach saoire ar phraghas maith don deireadh seachtaine, 450€.
An bóthair aduaidh
Ghlac mise leathlá saoire agus thosaigh ag obair luath chun bheith ar an mbóthar luath. Ghlac Peadar an lá iomlán. Thóg me bus agus chas leis i Coill na Silíní. Bhí ar Séamus oibriú níos faide; ach ó tharla go raibh sé ag obair lámh le stáisiún Heuston, b’é an socrú ná go rachadh sé ar thraein go Port Laoise agus go gcasfaimís ansin leis.
Go Port Laoise linn mar sin, breá luath d’fhonn trácht na cathrach a sheachaint.

Bhí Séamus le bheith ar traein 15:00. Neart ama dúinn lón a chaitheamh - sud a rinneamar san Bay Tree. Anraith is ceapaire, agus milseog (ar chlé sa phic)!
Bhíomar ag fánaíocht thart ar na sráideanna ansin; mise ag cuir le mo chnuasach grianghraf de úsáid an chló Gaelaí. Bhí ogham ar dhealbh gar don dún fiú.
Chomh luath is a bhí Séamus tagtha, bhuaileamar bóthar. Bhí an turas go deas, gan mórán tráchta na deacrachta.
Nua gacha bídh
Nuair a bhí Cathair Saidhbhín gar leagamar an cúram ar Séamus proinnteach a aimsiú. (Bhí mise i mo loingseoir, is Peadar ag tiomáint). Roghnaigh sé O’Neill’s The Point, ar rinn gar do Cathair Saidhbhín ag amharc trasna ar Dairbhre. Bia mara den scoth agus coirm áitiúil. Mholamar rogha Shéamuis go hard! Bhíomar subhach sách sítheach agus an cuid deiridh den aistir le déanamh go dtí an teach saoire i nDún Géagáin. Chodail muid go sámh! |
|
Siúlach, Scéalach

Ar maidin chuaigh mé féin agus Peadar chun amharc ar Thobar Mhíchíl, tobar bheannaithe gar don aill, i bhfoisceacht cúpla nóiméid siúl ón teach saoire.
Bhí an gort beagán fliuch! Chonaiceamar roinnt giorria freisin. Agus bhí an tírdhreach iontach, agus radharc amach ar farraige agus trasna go Béarra.
Nuair a bhí Séamus ina shuí agus bricfeasta ite againn thugamar faoi siúlóid. (An líne glas ar an léarscáil thuas). Bhí togha na haimsire againn agus radharc den scoth i ngach treo.
|
Ach bhí an neastachán a rinne mé ar an fhaid iomlán ró dhóchasach (rinne mé dearmad go dtugann Google Maps an fhaid ina líne díreach go dtí go mbíonn conair roghnaithe). Smaoinigh muid ar thaxi - ach ní raibh aon rath ar iarrachtaí leis an aip ná le huimhreacha a d’aimsigh muid ar líne (bheadh sé níos stuama bheith tar éis é a seiceáil roimh ré). Scaoileamar Peadar ar aghaidh chun dul ar an ordóg, agus buíochas le Dia bhí rath air. Bhailigh sé muid go luath ina dhiaidh sin. Dinnéir ansin. Chuaigh mé féin agus Séamus go dtí an tábhairne do phionta amháin. Agus ansin a luí! |
Maidin Domhnaigh chuaigh mé ar Aifreann. Bhí mé (leath) ag súil le hAifreann Ghaeilge, ach ní raibh ach roinnt de na paidreacha nach n-athraíonn as Gaeilge. Ar chúis éigin ní raibh fonn siúl ar an mbeirt eile. Seachas sin chuamar go Bá Fhionnáin. Thugamar cuairt ar Seacláidí na Sceilge, d’ól deoch san Driftwood Café agus thug aghaidh ar an mboth allais - Skellig Sauna. Trí ceathrú uaire, chuamar isteach sa mhuir trí huaire agus sa bhoth eatarthu. Bhí seisear ar an iomlán sa bhoth - agus dúirt duine acu gurb an Duolingo Sauna a bhí ann; Fionlannach ar Sualainnis a theanga ag labhairt i Sualainnis, a chailín arbh Gearmánach í agus Gaeilge eadrainn féin. Agus bean as Meiriceá. Mar sin féin, d’aithin sí gur Gaeilge a bhí á labhairt againn! |
|
Tar éis dinnéar thugamar aghaidh ar an tábhairne - bhí ceol le bheith ann. Thug an t-ainm Anam an Bhaile dóchas dom. Ach fear ag canadh as Béarla le giotár agus callaire, agus drumadóir. Thaitin an Drumadóir liom - bhí máistreacht aige ar a uirlis - an cineál bosca sin a raibh sé ag suí air agus á sheinm lena lámha agus cabhair óna chosa. Ní raibh mé tógtha leis an amhránaí - ag screadadh a bhí sé, níl fhios agam a mhairfidh a ghuth!
Bíonn deireadh le gach rud, is dócha agus ar an Luain d’fhilleamar ar an ardchathair. Chuamar thar Chorcaí ar mhaithe leis an radharc ar an taobh eile de Uíbh Ráthach a fheiceáil - b’fhiú go mór é! Chuamar tríd Daingean na Healy Rae - ní fhéadfá gan é aithint!
Lón i Mainistir Fhear Maí.
Turas bhreá taitneamhach!
© Aonghus Ó hAlmhain 2026 |
|




