Réaṁḟocal

Is cúis aiféala dom fós é nár ghlac mé páirt gníomhach i clubanna agus mé ar an ollscoil; bhí mé ró-ghafa leis an mbuíon beag gasóga lena raibh mé ó bhí mé sé déag. Chaill mé amach ar chiorcal aitheantas níos leithne, agus ar eachtraí go leor. Chuaigh mé leis an gcumann sléibhteoireachta faoi dheireadh sa bhliain céime, agus bhain amach Yr Wyddfa leo - thar droim géir Crib Goch, i sneachta Feabhra - agus stealladh báistí sa ghleann a chuir an charr a bhí in úsáid i mbaol…​ Bhí cuid de mo lucht aitheantais níos gníomhaí sna cumainn, agus tríd scéal uathu siúd fuair mé cuireadh dul ar thuras rothair sa Normainn. An céim bainte amach ag sciar againn, an chuid eile fós ag dul don léann.

Tá nótaí fánacha agam ón turas - a d’éirigh níos fánaí agus muid ag dul ar aghaidh. Agus an léarscáil thíos, a bhfuil rian ár dturais marcáilte air. Agus albam ghrianghraif, ach ó tharla daoine a bheith orthu ar fad nach mór, ní dóigh liom go bhfoilseoidh mé iad!

an normainn

An Bád anall, Aoine, 14ú MF

Deichniúir a bhí inár gcomplacht - beirt lánúin, triúir fear agus triúir ban. Ar an traein ó stáisiúin Uí Chonghaile go Ros Láir. Cúpla pionta agus scannán ar an mBád, agus codladh idir suíocháin ansin.

Cherbourg go Carteret, Satharn, 15ú MF

Amach as bolg an bháid linn, agus siar an bhóthair. I Les Pieux ó ollmhargadh a fuaireamar lón - bhí pinginí gann, ach bhí baguette, trátaí agus cáis saor go maith. (Bhíomar sách bréan de mar aist bia faoi deireadh an turais!) I gcarrchlós an an ollmhargadh a chaitheamar ár gcuid. Ar aghaidh linn ansin go dtí Camping du Bocage i Carteret. Feicim ón suíomh gur beag athrú atá air ó shin - na háiteanna aonair campála scartha ag sceacha a thug príobháid agus foscadh. Móinéar déas réidh fúinn, é an éasca na puball a thógáil. De réir mo nótaí bhí dinnéar againn san Bar du Port - uibheagán, ach Calvados Vieux ina dhiaidh. Is oth liom a rá go raibh níos mó á chaitheamh againn ar deoch ná ar bhia…​ Baois na hóige.

Barneville ⁊ Trá, Domhnach 16ú MF

De réir mo nótaí bhí deacracht againn Aifreann Domhnaigh a aimsiú, ach bhí Aifreann san leathbhaile eile, Barneville. Tar éis Aifrinn chuamar go dtí an trá! Bhí lón againn ar charrchlós arís (feiceann sibh an pátrún…​). Tar éis dinnéir i Barneville chuamar go dtí an tábhairne.

Fermé le Lundi, 17ú MF

Bhí cáife maidine de dhíth orm, agus bhí sé nós agam éirí roimh na coda eile, caife a fháil dom féin agus croissants a thabhairt ar ais do chách. Ach maidin luain bhí mórán gach áit iata. Sa Bhúistéir a fuaireamar arán, faoi dheireadh …​.

Ar na rothair linn chomh fada le Le Haye des Puits agus lón ollmhargadh eile. I gCarentan a chaitheamar an oíche, lámh le díog canálach.

Saint-Lô, Dé Máirt 18ú MF

Bhí an rothaíocht go Saint-Lô dúshlánach, talamh cnocach le trasnú. Ligeamar scíth i St Jean de Daye. N’fheadar arbh é seo an áit a tugadh íde béil dúinn as bheith ag ligean scíste ar cuimhneacháin marbh na cogaí? Tharla sé in áit amháin cibé. An ghnáth chlár oibre seachas sin.

Bayeux, Céadaoin ⁊ Déardaoin 19ú-20ú MF

Tríd báisteach a rothaigh muid go Bayeux. Ach ghlan sé nuair a bhaineamar amach é. An uair seo lón agus dinnéar - sicín rósta - ón ollmhargadh. Agus - faraor - Kronenbourg 1664 (beoir) agus fíon saor dearg i mbairille plaisteach. D’ól mé barraíocht. Ní mise a fuair na croissant an maidin dar gcionn…​

Rinneamar roinnt turasóireacht - Taipéis Bayeux agus cuimhneacháin cogaidh. Póit an diabhail ormsa áfach - Bier auf Wein, das lass sein [1] agus níor thug meé aird ceart ar na hiontaisí.

Tá mo chuid nótaí scáinte ar fad ina dhiaidh sin:

Coburg Aoine 21ú

Honfleur Satharn 22ú ⁊ Domhnach 23ú

Le Harve Luain 24ú - agus abhaile thar oíche an 25ú.

Iarfhocal

Turas den scoth a bhí ann, ach ó tharla gur drong a bhí ionann ní cuimhin liom mórán meascadh le daoine eile. Agus bhí airgead gann (agus barraíocht dé caite ar ól) mar sin bhí an aiste bia leadránach go maith. D’éirigh beirt amach oíche amháin, pas beag níos mó airgid acu agus iad bréan de síor galletes. Ní cuimhin liom go baileach cad d’ith siad - chuadar go proinnteach eile ar fad.

Don chuid is mó bhí deá aimsir againn, agus an rothaíocht taitneamhach. Ar ndóigh, b’é rothaíocht ár gnáth mhodh taistil an tráth úd - bhíodh na céadta ag tarraingt ar COBÁC ar muin rothair ar maidin.


Ar ais go dtí an príomhleathanach
gandeontas

1. Ná hól beoir i ndiaidh fíona